Seoladh sa Cheathrú Póilí – Scoil Samhraidh Mhic Reachtainn

Tá Scoil Samhraidh Mhic Reachtainn ar siúil i mBéal Feirste an tseachtain seo. Beidh féile na scann án ar siúil anocht ag an Áras 174 ar Bhóthar Aontroma. Taispeánfar Fleadh le Louis Marcus (1967) Filleann Feall (Cillian Murphy, Don Wycherly, Aine Ní Mhuirí) Cáca Mílis a shaothraigh moladh mór nuair a taispeánadh é den chéad uair ar TG4 in 2001 agus Tacsaí Dubh le Léiriúacháin Tobar, scéal na dtacsaithe dubha i mBéal Feirste Thiar ó am a mbunú in 1971. Beidh imeachtaí na Féile ar siúil feadh na seachtaine ar fad. Tuilleadh eolais ag http://www.ccmr156.com/

Dé Sathairn déanfar an leabhar ‘Scéaltaí Ban ó thuaisceart na hÉireann’ a sheoladh sa Chultúrlann i mBéal Feirste. Is í an iriseoir Iodálacha, Silvia Calamati a scríobh an leabhar agus Seán Mac Aindreasa a rinne a aistriú. Beidh an leabhar á seoladh sa Cheathrú Póilí ar 1.00 Dé Sathairn 31 Iuil.

Scríofa ag ar 27.07.2010 Rannóg gaeilge.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24