Scolaireachtaí ag Fiontar
Tá cúig scoláireacht dar luach €2,000 an ceann ar fáil do mhic léinn a chláraíonn ar an gcúrsa MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais. Bronnfar na scoláireachtaí ar an gcúigear mac léinn is fearr a n-éiríonn leo sa chéad bhliain den chúrsa. Bronnfar na scoláireachtaí ag deireadh na chéad bhliana. Le tacaíocht ón gclár Ganntanas Scileanna tá táillí laghdaithe de €2,000 ar an gcúrsa. Fágann seo go gclúdóidh an scoláireacht na táillí iomlána don chéad bhliain den chúrsa. Clá
r páirtaimseartha thar dhá bhliain atá sa chúrsa.
Freastalaíonn mic léinn ar champas DCU ar 8 deireadh seachtaine sa bhliain, rud a thugann deis do dhaoine nach bhfuil ina gcónaí i mBaile Átha Cliath tabhairt faoin gcúrsa. Is féidir le mic léinn a roghnaíonn gan an tráchtas a dhéanamh ag deireadh an chúrsa Dioplóma Iarchéime a ghnóthú.
Tugann an cúrsa seo deis dóibh siúd a bhfuil bunchéim acu in ábhar seachas gnó nó teicneolaíocht faisnéise saineolas a fháil ar na hábhair sin – margaíocht, bainistíocht, cumarsáid, ilmheáin san áireamh. Tá céimithe an chúrsa ag obair i gcomhlachtaí príomháideacha, san earnáil phoiblí, agus in eagrais dheonacha a bhaineann leis an nGaeilge – mar shampla: Farmer’s Journal; COGG; Coláiste na bhFiann; RTÉ; Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá céimithe eile ag obair mar mhúinteoirí nó mar phríomhoidí i mbunscoileanna agus meánscoileanna na tíre.
“Cabhraíonn an mháistreacht go mór liom mar thug sé na bunscileanna gnó dom – tuairiscí a scríobh; conas cur i láthair a dhéanamh ós comhair Stiúrthóir Rugbaí London Irish; conas airgeadas an chomhlachta a bhainistiú; agus conas gnó a fhás, a rialú agus a bhainistiú go laethúil.” a dúirt Tomás Ó Madagáin, comhbhunaitheoir Sports Academy International i Luimneach. “Bhain mé an-taithí as m’am le Fiontar – bhí na léachtóirí an-chabhrach, bhí an cúrsa an-nuálaíoch agus is taithí iontach í d’éinne atá ag iarraidh dul amach sa saol agus a ghnó féin a thosnú agus a rud féin a dhéanamh. Go bunúsach, tugann sé na scileanna agus an mhuinín duit dul amach agus an obair a dhéanamh. I ndáiríre, níl focal bréige ansin, bhain mé an-taitneamh as ag féachaint siar air.“
Gné tharraingteach den chúrsa ná go bhfuil an mheasúnacht ar fad bunaithe ar obair scríofa a dhéanann na mic léinn i rith na bliaina. Is minic go mbíonn an obair bunaithe ar an jab ina bhfuil siad. Bíonn an rud céanna i gceist leis an tráchtas.
Spriocdháta d’Iarratais: 31 Iúil 2010
Tuilleadh Eolais: www.dcu.ie/fiontar