Laigí móra i soláthar Gaeilge an stáit – Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga

Seoladh Tuarascáil Bhliantúil 2011 Oifig an Choimisinéara Teanga maidin inniu agus é ag tabhairt le fios gur tháinig méadú 5% ar líon na gcásanna nua – ó 700 sa bhliain 2010 go dtí 734 in 2011 – inar chreid daoine go raibh cúis ghearáin acu de bharr deacrachta nó faidhbe i dtaca le seirbhís a fháil trí Ghaeilge ón státchóras.

Agus é ag labhairt ag an seoladh, dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, nach raibh stádas na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht chomh leochaileach aon uair agus atá anois agus nach féidir leis an Stát a bheith ag súil leis go mairfidh an Ghaeilge mar rogha teanga sa Ghaeltacht má leantar ag brú Béarla ar phobal na gceantar sin lena gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh.

Ó thaobh na tíreolaíochta de, is ó Chontae Bhaile Átha Cliath is mó a tháinig na gearáin arís i mbliana, is é sin 50% de na gearáin. Tháinig líon suntasach gearán freisin ó Chontae na Gaillimhe (12.5%), Contae Chiarraí (6.5%), Contae an Chláir (5.5%), Contae Dhún na nGall (4.5%), agus Contae Chorcaí (4%). Ón nGaeltacht a tháinig 21% de na gearáin agus tháinig an 79% eile ó cheantair lasmuigh den Ghaeltacht.

D’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga tuarascáil speisialta inniu freisin atá leagtha aige anois faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Baineann an tuarascáil sin leis an Roinn Coimirce Sóisialaí a fuarthas ag sárú dualgais reachtúla teanga ach a raibh teipthe uirthi moltaí a chur i bhfeidhm le géilliúlacht a chinntiú. Léirigh dhá imscrúdú éagsúla nár chomhlíon an Roinn go cuí na dualgais reachtúla teanga i dtaca le marcanna bónais a thabhairt d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gcomórtais inmheánacha ar leith d’ardú céime.

“Tá an chosúlacht air go bhfuil an cur chuige lochtach seo de chuid na Roinne coitianta ar fud na Státseirbhíse agus gur air sin atá cuid den locht maidir leis an imeallú atá déanta ar an nGaeilge i measc na foirne sa státchóras,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Le linn na bliana freisin, d’fhoilsigh an Oifig moltaí maidir le leasuithe ar fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla ar a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh mar chuid de chlár oibre an Rialtais.

Dúirt an tUasal Ó Cuirreáin gur cosúil go bhfuil teipthe tríd is tríd ar chóras daingnithe na scéimeanna teanga – córas atá i gcroílár Acht na dTeangacha Oifigiúla. Níor dhaingnigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ach scéim teanga nua amháin le linn na bliana 2011.

San iomlán, tá 105 scéim teanga daingnithe ag an Aire go dtí seo, ach faoi dheireadh na bliana 2011 bhí 66 acu sin tar éis dul in éag. D’fhág sin nach raibh an dara scéim daingnithe i gcás dhá thrian de na comhlachtaí poiblí sin.

Cé go bhfanann forálacha na chéad scéime i bhfeidhm, ní raibh aon phlean ann le méadú a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge ó na comhlachtaí poiblí sin.

I measc na gcomhlachtaí poiblí a raibh a gcuid scéimeanna teanga in éag le tréimhse fhada ag deireadh na bliana 2011, bhí Oifig an Uachtaráin, an Chomhairle Ealaíon, Oifig an Ombudsman, an tSeirbhís Chúirteanna, Comhairle Contae na Gaillimhe, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Sa bhreis air sin, bhí 28 comhlacht poiblí eile ann a raibh an chéad dréachtscéim iarrtha orthu ach nach raibh siad daingnithe fós mar scéimeanna ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

I gcás deich gcinn acu sin, bhí breis agus cúig bliana imithe ó iarradh orthu an dréachtscéim a ullmhú. Díol suntais é go raibh ceithre bliana agus seacht mí caite ó iarradh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dréachtscéim teanga a ullmhú ar bhonn náisiúnta agus beagnach trí bliana ó iarradh ar an bPost dréachtscéim teanga a ullmhú. Tá sé os cionn dhá bhliain ó rinneadh iarratas ar Oifig Thithe an Oireachtais, RTÉ agus an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta dréachtscéimeanna teanga a ullmhú.

Faoi dheireadh na bliana, ní raibh aon scéim teanga daingnithe fós i gcás na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta – roinn a bunaíodh go foirmiúil ar an 1 Meitheamh 2011.

“Ní féidir teacht ar aon chonclúid eile ach go bhfuil cliste anois ar an ngné thábhachtach seo den reachtaíocht teanga,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Scríofa ag ar 24.04.2012 Rannóg gaeilge, náisiúnta.

2 Nóta Tráchta ar “Laigí móra i soláthar Gaeilge an stáit – Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga”


  1. Tá sé scannalach amach is amach, An méd Focail Béarla atá na mean Gaeilge.
    A leithidí, pasáll, Caochál, Hacáll, Treanáll, Lads, Lads, Fairplay duit, Jocaí Helecopter, Leoraí Car, Machín, Suncall, Ropaí, Priondáll, Rebeliunaí, Landáll
    Motar, trupaí Grupaí,grupa, Is Masla mór d’an Gaeilge. Ní tharlaionn sé ar na Mean Béarla.

  2. Éamonn Ó Floinn

    Aontaím go hiomlán le seo; bhain mé triail as clárú go dtí scéim chónaithe i gColáiste na Trionóide ar son arasáin lánghaeilge ann. Ní fuarthas fiú an litir chláraithe tar éis a sheol mé í! Chaill an Post í. Toisc easpa thuisceana & úsáide na Gaeilge sa saol fódlach an lae inniu, cailleadh mo litir chláraithe, agus ba bheag nach bhfuair mé fiú spás i n-árasán i nDartraí. Cad ina thaobh atá sé ceadaithe titim amach toisc Gaeilge?

Tabhair Freagra

© Nuacht24