I mbun reatha ag Rith 2010

Thóg suas le 2,000 duine páirt sna imeachtaí a chuir tús aréir le Rith 2010 i mBéal Feirste. Bhí Ard-mhéara Bhéal Feirste, Naomi Long, a sheol an Rith go hoifigiúil ag Halla na Cathrach, agus thóg Oilimpiach na hÉireann, Ciara Mageean an cipín don chéad chiliméadar, timpeall an foirgneamh stairiúil. Laistigh an cipín féin a rachaidh ó lámh go lámh don chéad 1600 ciliméadar eile, tá teachtaireacht ó Uachtarán na hÉireann Máire Mhic Giolla Íosa, agus léifear an teachtaireacht sin amach nuair a bhaineann an Rith a chean scríbe amach i nGaillimh ag críoch Paráid Lá ‘le Phádraig sa chathair sin i gceann seachtaine.
Aréir i mBéal Feirste bhí aeráid cheiliúrtha, na sluaite ar na sráideanna ag gabhail páirte sa Rith ó thrí phointe tosaithe éagsúil, go lár na Cathrach agus ansin ar aghaidh go dtí Cultúrlann Mac Adam – Ó Fiach ar Bhóthar na bhFál do Club Rith.
Ghabh lucht eagraithe ‘Rith’ buíochas ar leith as an chuidiú agus comhoibriú a fuair siad ón PSNI. Dúirt Lorcán Mac Gabhann, stiúrthóir Glór na nGael agus ball de choiste eagraithe Rith 2010, gur chuir an cuidiú ón PSNI go mór le sábháilteacht, slándáil agus spiorad na hoíche agus ghabh sé buíochas dó chách a bhí páirteach in imeachtaí Rith i mBéal Feirste.
‘Beidh muid ar an bhóthar don chéad naoi lá eile, agus taistil tríd Uladh, Laighean, Mumhan agus Connachta agus d’ardaigh sé croíthe agus meanma gach duine againn leis an craic agus seoladh iontach a fuair muid aréir i mBéal Feirste.”
Is féidir leanúint dul chun chinn Rith 2010 ar shuíomh www.rith.ie

Posted by nuacht24 on 10.03.2010 Filed under gaeilge. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24