Gradaim agus gáire ag an Fhéile Náisiúnta
‘Tá an drámaíocht Ghaeilge teanga-bhunaithe agus pobal-bunaithe agus mar sin, tá obair an Chomhlachais ana thábhachtach,” arsa an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuiv, TD, agus é ag bronnadh na ngradam ag An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i mBaile Locha Riach, tráthnóna Domhnaigh seo caite.
‘Neartaíonn ealaín na drámaíochta na pobail ina bhfuil sí préamhaithe – taobh istigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht.
‘Chomh maith le labhairt na Gaeilge a bheith chomh fairsing agus is féidir, tá sé rí-thábhachtach go mbeadh an Ghaeilge féin á saothrú agus á saibhriú,’ arsa an tAire Ó Cuiv.
‘Tá mé cinnte,” arsa an tAire, “go bhfuil bród agus áthas ar ‘Gaeilge Locha Riach’ go bhfuil an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar siúl i mBaile Locha Riach agus drámaí ann ó gach aird den tír, chomh fada ó dheas le Ciarraí agus chomh fada ó thuaidh le Tír Chonaill.’
Bhí an t-aisteoir cáiliúil, Bríd Ní Neachtain, ina moltóir ar an bhFéile Náisiúnta agus seo mar a bhronn sí na gradaim:
Gradam Scríbhneoireachta: Proinsias Ó Cuilinn, Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh, Tír Chonaill;
Gradaim Aisteoireachta: Sinéad Ní Fhlatharta, Aisteoirí Mhic Easmuinn, An Cheathrú Rua; Aodh Mac Laifeartaigh (Fina), Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh; Treasa Uí Luing, Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne;
Gradam Léiritheoireachta: Proinsias Ó Cuilinn, Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh;
Gradam do Dhearadh Stáitse: Dónal de Bhailís, Aisteoirí Mhic Easmuinn, An Cheathrú Rua.
Ba é Máirtín Mac Donnchadha, RTÉ Raidió na Gaeltachta a d’oscail An Fhéile Náisiúnta go hoifigiúil.
Agus bhí sé ina láithreoir agus ina léirmheastóir ag Éigse na Féile ina raibh agallaimh bheirte, lúibíní, ceapóga, amhráin saothair chomh maith le míreanna eile traidisiúnta.
Seo mar a bronnadh Gradaim na hÉigse:
Siobhán agus Seán Ó Muimhneacháin, Cill na Martra, don Amhrán Saothair, Mo Cheol Thú; Eibhlín Ní Lionáird agus Áine Uí Chuill, Cúil Aodha, do ‘Ceapóga na Déirce’; Mairéad Ní Luasa, Cúil Aodha, agus Siobhán Ní Mhuimhneacháin, Cill na Martra, don Amhrán Saothair, ‘Ag Glanadh na mBróg’.