Feis na nGleann – stair 105 bliain
Tionóladh Feis na nGleann an chéad uair riamh i nGlinntí Aontroma i mí an Mheithimh 1904 ag am a bhí athbheochan na Gaeilge i réim ar fud na tíre. Ach sa lá atá inniu ann, agus 105 bliain curtha isteach acu, an bhfuil gá le Feis mar í a thuilleadh? Labhair Máiréad Nic Mhaoláin, cathaoirleach Fheis na nGleann, le Gráinne Nic Fhearaigh.
Roger Casement a bhí ar bhunaitheoirí Fheis na nGleann. Chaith sé cuid mhór dá shaol i nGlinntí Aontroma agus thit sé go hiomlán faoina ndraíocht. Ní amháin toisc áilleacht na háite ach toisc Ghaelachas na háite.
I gcuideachta Francis Joseph Bigger agus Ada McNeill, chuir Ruairí Mac Asmaint Feis na nGleann ar bun in 1904 chun oidhreacht agus cultúr na hÉireann a chosaint agus a chaomhnú, an taobh sin tíre.
Féile bhliantúil í a dhéantar a reáchtáil i mí an Mheithimh agus i mí Iúil ar fud Ghlinntí Aontroma, le faill a thabhairt don phobal ceiliúradh a dhéanamh ar gach rud Gaelach – ceol, rince, scéalaíocht, ceardaíocht, camógaíocht agus iománaíocht. Agus ar ndóigh, an teanga, ar dlúthchuid den tsiamsaíocht í.
I mbliana, den chead uair ó 1932, beidh an Fheis ar ais i nGleann Arma, a bhuí go mór mór do thacaíocht Chumann CLG Shane Ó Néill. Bhí ról lárnach ag CLG in imeachtaí na Feise ó am a bunaithe agus dlúthcheangal fosta ag craobhacha Chomhaltas Ceoltoirí Éireann leis an fhéile.
Arsa Máiréad, “Deirtear gurbh é Francis Joseph Bigger a chuir tús leis an Fheis.
“Ba ghnách le Bigger agus a chairde theacht chuig an cheantar go rialta agus b’aoibhinn leo go raibh an Ghaeilge beo, go raibh borradh faoin cheol, faoin rince agus faoin teanga. Thiocfadh siadsan anseo agus d’oibreodh siad le muintir na háite. Agus as sin, d’fhás an Fheis atá ag dul ó shin, ag dul i neart.”
Tá 30 bliain caite ag Mairéad, arb as Bun Abhann Dalla di, ag obair ar son na Feise agus baineann sí sult i gcónaí as an bhorradh a bhíonn faoi chúrsaí, an t-am seo bliana.
“Bhí an Fheis i dteaghlach s’againne agus mé ag fás aníos,” ar sise. ‘Bhí m’athair ina bhall de Choiste na Feise nuair a bhí mé óg agus d’iarr Séamus Ó Cléirigh as Baile an Chaistil, d’iarr sé orm páirt a glacadh in eagrú na hócáide. Thoiligh mé go fonnmhar agus tá mé i mbun na hoibre sin ó shin i leith.”
Beidh taispeántas Ceardaíochta agus Ealaíne ag dul ar aghaidh De Domhnaigh 21 Meitheamh (ag tosú ar mheánlae) i mbunscoil Naomh Eoin i gCarnlach. Agus an tseachtain dár gcionn, beidh rince Gaelach ag titim amach in Ionad Pobail Glenlough, Carnlach. Tosóidh na comórtais ar 10rn agus beidh Kevin Armstrong, as Béal Feirste, ina mholtóir.
Ag tus mhí Iúil, beidh na cluichí Gaelacha ag dul ar aghaidh i bPáirc Feystown i nGleann Arma. Agus i rith an ama, beidh imeachtaí ceoil agus cultúir ag titim amach fud na nGlinntí.
Caitheann Mairéad a lán dá cuid ama ag eagrú an taispeántais cheardaíochta agus ealaíne agus tá sí ag dréim le go mbeidh níos mó daoine ná riamh ag glacadh páirte ann i mbliana mar gheall ar an ghéarchéim eacnamaíochta agus daoine bheith coigilteach faoi na pinginí. Ach tá an saol athraithe as cuimse ó am bunaithe na Feise. An bhfuil gá le féile mar í a thuilleadh?
Cinnte dearfa go bhfuil, deir Máiréad.
“Tá sé tábhachtach go bhfuil a fhios ag pobal na hÉireann agus ag paistí na hÉireann, go speisialta, gur Éireannaigh iad,” arsa sí.“Tá oiread sin rudaí ag teacht idir iad agus sin, go háirithe cultúr an ‘Coca-Cola’. Tá an oiread sin rudaí ag teacht ó thíortha eile is go ndéanann daoine dearmad gur táirge Meiriceánach é seo nó eile mar go bhfuil siad anois chomh cleachta leis.
“Na saolta seo, níl a fhios ag an chuid is mó de na hÉireannaigh an Éireannaigh nó Sasanaigh iad. Is éigean rud mar seo chun muid a thabhairt siar chuig na fréamhacha. Agus spraoi maith a bheith againn, ar ndóigh!”
Tá tuilleadh eolais faoin Fheis le fáil ar www.feisnangleann.com