Féile Raifteirí


Seoladh ‘Féile Raifteirí’ le deireannas i bPáirc na Cúile, Gort Inse Guaire agus comóradh iontach leagtha amach thar dheireadh na seachtaine 26-28 Márta i mbliana. Déanfar ceiliúradh ar tréithe Raifteirí mar Ghael, mar fhile, mar amhránaí agus mar cheoltóir.

Tá roinnt scoileanna agus cumainn óige i mbun cleachtadh cheana féin agus iad ag ullmhú drámai i gcomhar le ‘Branar’ agus i mbun ceardlanna amhránaíocht chomh maith. Beidh toradh a saothar vle feiceáil ag ‘Ceolchoirm na n-Óg’ in Óstán Locha Riach Satharn 27 Márta.
Osclófar an féile go hoifigiúil le seisiún ceoil, amhranaíochta agus filíochta faoin téama ‘Raifteirí… fear conspóideach’
Ag ceolchoirm mhór na féile na bliana beidh réimse breá ceoltóirí, amhránaithe, damhsóirí agus filí: Joe Burke, Ann Conroy-Burke, Charlie Piggott, Marian McCarthy, Manus Maguire, Denis Carey, Catherine Mannion, Úna Ní Fhlannagáin, Seosamh Ó Neachtain, Tommy Healy, Muireann Ní Dhuigneáin, Philip Cummings agus Simon Ó Faoláin.
I measc na haíonna eile thar dheireadh na seachtaine beidh: Nóirín Ní Ghrádaigh, Verena Commins, Paul Bradley, Seán Ó Flannagáin, Colette Nic Aodha, Maidhc Ó hÉanaigh and Úna Nic Lochlainn.

Tá Coiste Fhéile Raifteirí iontach bródúil clár chomh cuimsithsitheach a chur ar fáil do ‘Féile Raifteirí’ arís i mbliana. De bharr an tacaíocht ó lucht urraithe atá clár chomh leathan curtha ar fáil agus an coiste iontach buíoch dóibh uilig: i. An Comhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, Lough Rea Hotel & Spa, Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin, Sunrise Health Store, John Collins Accounting, Il Porcetto, Baffle, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Keary’s Auctioneering, Gaeilge Locha Riach agus Cairde Raifteirí.

Tuilleadh Eolais: 091 870718, prua@lochariach.com

Grianghraf faoi iamh:
Raif & Ó Conaire:
Rinneadh ceiliúradh ar bheirt carachtar in aon oíche amháin i bPáirc na Cúile, Gort Inse Guaire nuair a cuireadh taispeántas ar Phádraic Ó Conaire in omós Raifteirí. Ag seoladh ‘Féile Raifteirí’ bhí: Pádraig Ó Fearail, Phil Uí Chuimín, Diarmuid De Faoite, Pádraig Ó Greallais, Cumann Tráchtala Ghort Inse Guaire, Verena Commins, Úna Ní Fhlannagáin agus Áine Uí Fhlannagáin.

Scríofa ag ar 22.02.2010 Rannóg gaeilge.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24