Faobhar Sceana – cás Foinse

Foinse nó Foras? Cé a chaochfas súil ar dtús?

Bhí cruinniú beartaithe do Choiste Nuachtán is Irisí Fhoras na Gaeilge, Dé hAoine.

Bhí an conradh a thairg siad do Foinse ar an chlár don chruinniú agus bhíothas chun an scéal ar fad a athphlé féacháil le talamh comhréitigh a aimsiú, spás ‘lúbarnaíle’, mar a déarfá. Ach bheadh ar aon bhogadh nó athrú bheith taobh istigh de théarmaí tagartha an chonartha.

Bhí Pádraig Ó Céidigh agus lucht Foinse ag obair ar mholtaí (Déardaoin) le cur i láthair an Choiste féacháil leis an leamhsháinn a shárú.

Beidh cruinniú ag Bord an Fhorais, seachtain ón Aoine, agus déanfar plé breise ansin ar cheist mhaoiniú Foinse.

Ach tá bearna mhór idir Foinse agus an Foras ar an cheist agus chuir an briatharchath, a bhí ag dul le roinnt laethanta anuas, leis an bhearna sin eatarthu. Briatharchath ab ea é a chuimhnigh laethanta deiridh an nuachtáin, Lá Nua, a chuaigh as gnó i mí na Nollag seo thart.

Tá ceisteanna casta le socrú má tá Foinse agus an Foras le theacht ar chomhréıteach. Cnámh spairne amháin atá faoi chaibidil ná cuid de na 22 coinníollach atá luaite leis an tairiscint €355,000 sa bhliain a thairg an Foras do Foinse. Ach a fhad is a bhí lucht na Gaeilge ag fanacht lena fháil amach an mbeadh dhá nuachtán Gaeilge imithe as gnó taobh istigh de sé mhí, bhí foireann Foinse ag obair leo, ag déanamh réidh eagrán an deireadh seachtaine seo den nuachtán.

Nuair a labhair Nuacht24 le Seán Tadhg Ó Gairbhí, eagarthóir Foinse, ní raibh sé in ann a rá cén príomhscéal a bheadh acu ó tharla go raibh rudaí idir dhá cheann na meá i rith an ama. D’admhaigh sé, áfach, go raibh buairt air go mbeadh an t-eagrán reatha den nuachtán seachtainiúil ar an cheann deireanach.

“Níor mhaith liom bheith luaite mar an t-eagarthóir deireanach, níor mhaith le duine ar bith é sin,” arsa Seán Tadhg Ó Gairbhí.
“Labhair mé le Pádraig Ó Céidigh inniu agus tá sé gafa ag cur moltaí nua le chéile don Choiste Foilseachán.
“Tá mé dóchasach go dtiocfaimid ar chomhréiteach, ach tá an nuachtán ag cailleadh airgid gach seachtain agus ní bheidh an t-úinéir sásta íoc as sin óna phóca féin go deo.”
Tá deichniúr fostaithe ag Foinse agus tá beirt ag obair acu go páirtaimseartha.
“Níl ach aon ábhar cainte ag an fhoireann, an tseachtain seo, agus ar ndóigh, is é sin an neamhchinnteacht seo,” ar seisean. “Ach tá muid ag déanamh ár ndíchill chun an t-eagrán reatha seo a ullmhú agus dóchas againn go dtiocfaimid tríd i gceart.”

Scríofa ag ar 11.06.2009 Rannóg gaeilge.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24