Deascéal Gaelscoile
le Caitlín Ní Ruanaidh
Is í cúrsaí cóiríochta an cnámh spairne is mó atá ag an Ghaelscolaíocht sa tuaisceart faoi láthair. Tá roinnt mhaith gaelscoileanna sna 6 chontae agus níl acu ach cupla botháin nó b’fhéidir seomra ranga ar cíos acu in ionad pobail áitiúil. Ach tá athrú nach beag ag teacht ar an scéal seo. Bhí an fhorbairt seo breá sóiléir i mBéal Feirste ar na mallaibh, nuair a d’oscail an tAire Oideachais foirgnimh úr nua Gaelscoil na Móna.Bunaíodh Gaelscoil na Móna sa bhliain 2000 agus ó shin is í ar cheann de na scoileanna is mó fáis sa tuaisceart.
Le meadú ag teacht ar líon na ndaltaí ansin, fágadh cóiríocht na scoile róbheag agus gann.
Chun an fhadhb seo a réiteach cheannaigh Iontaobhas na Gaelscolaíochta an suíomh talaimh díreach in aice leis an scoil, a ba leis an feidhmeannas tithíochta ag an am. An cuspóir a bhí an InaG ná chun cóiríocht d’ardchaighdéan a thógáil ar an suíomh seo ar mhaithe le daltaí Gaelscoil na Móna. Sin díreach an rud a tharla. Anois tá foirgneamh ar luach £500 míle acu. Istigh ann tá trí seomraí ranga nua, ionad achmhainní agus leithreas do dhaoine faoi míchumas.
Bhailigh na huaisle agus na hísle ag oscáilt ofigiúl na scoile, agus bhí Gerry Adams agus Caitríona Ruane orthu sin a bhí i láthair. Rinne daltaí Gaelscoil na Móna taispeantás iontach ar ar an lá, ag míniú don domhan mhór cé chomh maith is atá an scoil. Ar rudaí eile luaigh siad; culaith scoile snásta s’acu, na múinteoirí deasa, an Roinn Ceoil iointach a bhfuil borradh faoi agus na ranganna yoga a mbíonn acu gach maidin Ceadaoine. Yoga! Fadó nuair a bhí mé féin ar scoil, hop scotch a bhí ann ach anois tá na páistí gafa le yogo! Nach mór an athrú atá tagtha ar an saol.
Baineadh geit as Príomhoide na scoile, Caireann Uí Mhuireagáin nuair a bhronn múinteoirí na scoile blathanna uirthi; “Is le foighid agus le díograis a thóg sí an scoil” a dúirt siad fuithi. Ach mholl Caireann í féin go raibh an moladh is mó tuilte ag tuismitheoirí na daltaí iad féin, iadsan a roghnaigh chun a gcuid páistí a chuir i dtreo an Ghaeilge; “Gan iadsiúd” a dúirt sí “Ní bheadh Gaelscoil na Móna leath chomh láidir is atá sí inniu.”
Is le trua, a dúirt Pilib Ó Ruanaí, príomhfheidhmeannach Iontaobhas na Gaelscolaíochta, nach raibh sé abalta freastal ar an ócáid. Cuireadh eitilt s’aige ar ceal de bharr an scamall luatha agus bhí an fear “bocht” gafa sa Phortaingéil. Ach ag labhairt le Nuacht 24 dó, dúirt sé go raibh InaG chomh sásta leis an chaighdéan cóiríochta a bhí bainte amach ag Gaelscoil na Móna go raibh an múnla seo le bheith ina tagairtmharc do gach tionscnamh tógála Gaelscolaíochta amach anseo. Mhol sé Doherty Architects agus Western Building Systems as an deá-oibre a rinneadh ag an scoil. Lean sé ar aghaidh a rá;
“Cúpla seachtain ó shin sheol an tAire Oideachais Ciste Cóiríochta na Gaelscolaíochta chun dul i ngleic lena fadhbanna cóiríochta atá againn san earnáil faoi láthair. Rud a bhí fíor faoi Ghaelscoil na Móna tráth, go dtí go bhfuair siad an foirgneamh seo. Ach fuair an tAire cáineadh úfásach dá bharr seo sna meáin chumarsáide. Léiríonn sin go bhfuil clár frithGhaelach forleathan sa tír seo go fóill. Nach bhfuil muidine i dteideal an chóiríocht chéanna is atá tuilte ag scoileanna eile? Nach bhfuil páistí s’againne chomh tábhachtach céanna? In ainneoin seo tá earnáil na Gaelscolaíochta ag dul ó neart go neart agus tá foirgneamh Gaelscoil na Móna mar fianaise ar seo.”
Tríd an Chiste Chóiríochta a luaigh Pilib Ó Ruanaí, beidh 5 Gaelscoileanna eile ag fáil foirgneamh den saghas céanna is atá faighte ag Gaelscoil na Móna. Is iad sin Scoil An Droichid, Gaelscoil Éanna, Gaelscoil Ghleann Darach agus Gaelscoil na Speiríní. Labhair muid le príomhoide Ghaelscoil Éanna, Maighréad Ó Conghaile a bhí i láthair ag an chéiliúradh.
Mhol Maighréad an chóiríocht nua go hard agus dúirt sí go bhfuil sí ag dúil go mór leis an obair atá le déanamh ar scoil s’aici.
is féidir gurbh í an chóiríocht an cnámh spairne is mó atá ag cuid de na Gaelscoileanna ach ní h-é an deacracht is mó ag an earnáil é. Tá caighdeán an oideachais ag dul síos i gcuid mhór de na scoileanna má ‘s fíor na tuariscí is déanaí. Ní h-ionann foirgneamh maith a bheith ann agus an scoil a bheith maith. Is maith go bhfuil Aire ann atá fabhrach don Ghaelscolaíocht agus tá sí le moladh as an chuidiú a thugann sí ach sílim nár mhisde dí iniúchadh a dhéanamh ar an mhaorlathas úafasach atá sí ag maoiniú san earnáil nach bhfuil sásta nó abalta a theacht i gcabhair ar na múinteoirí bochta atá ag streacháilt in a lán de na scoileanna. An cur amú airgid mar shampla atá i gComhairle na Gaelscolaíochta atá ann le deich mbliana anuas ,na céadta míle punt caite agus 14 fostaíthe inntí. Mura a bhfuil siadsan freagarthach as an chaighdeán oideachais a choinneáil go réasúnta maith cad é an chiall atá le h-iad a bheith ann ar chor ar bith? An bhfuil Coláiste Mhuire ag déanamh a chuid oibre mar is ceart? Na déanaimis dearmad gurbhí an Ghaelscolaíocht a shabháil an Cholaiste nuair a bhí sé i mbaoil a dhruidte fadó. An amhlaidh gur shlug an Choláiste an iomarca de mhúinteoirí le taithí fhada isteach ann féin gur fhag sé an earnáil gann ar a saineolas.? An mithid cuid dena múinteoirí sin a sheoladh arais sna scoileanna leis an éigeandáil seo a leigheas? An bhfuil an iomarca “cushy numbers” san earnáil nach bhfuil monatóireacht ar bith a dhéanamh orthu. Tá uair na cinniúna tágtha dar liom agus is ar an Aire atá an dualgas an leamhsháinn ina bhfuil an earnáil a réiteach