Comhchoiste go Gaillimh?
Tuigtear go dtabharfar cuireadh do sheacht n-eagras Gaeltachta a dtuairimí a chur i láthair an Chomhchoiste Oireachtais atá ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Tuigtear do Nuacht24 go n-iarrfar ar eagras ó gach ceann de na contaetha a bhfuil Gaeltacht iontu theacht i láthair cruinniú den choiste san Iarthar.
Tionólfar an cruinniú sin taobh istigh de shé seachtaine agus meastar ag an am seo go mbeidh sé i nGaillimh, cé nach bhfuil cinneadh déanta go fóill.
Tuigtear go raibh baill an chomhchoiste sásta leis an chruinniú a bhí ann sa Dáil, Dé Céadaoin, nuair a bhí idirphlé idir baill an chomhchoiste agus ionadaithe na n-eagras Gaeilge faoi Straitéis 20 bliain na Gaeilge.
Ach cuireadh in iúl go láidir go mba cheart cuireadh a thabhairt ní amháin do na heagrais Ghaeltacha ach do FIONTAR ag DCU, grúpa a bhí lárnach i ndreachtú an Phlean Straitéiseach 20 bliain. Bhí roinnt difríochtaí bunúsacha idir ar mhol siad agus an plean críochnaithe.