Cinneadh go luath faoin suíomh úr

Tá Coiste an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh chun bualadh le chéile ar an 20ú lá den mhí seo chun na hiarratais a fuair siad do shuíomh nuachta idirlín a phlé agus a mheas.

Déanfaidh an coiste cinneadh agus fógrófar ar ball beag ina dhiaidh sin cén dream a bhfuil an conradh buaite acu.

Bhí sé mar aidhm go dtosódh an suíomh nua, suíomh nuachta digiteach a bheadh ag cur ar fáil nuacht laethúil, cúrsaí ealaíon agus eile, i mí an Mheithimh.

Cuirfidh an Ciste £130,000 sa bhliain ar fáil don tseirbhís. Tá na hiarratais á meas i láthair na huaire agus tá saineaolaí ar chúrsaí digiteacha agus ar shuímh idirlín ag cuidiú leis an chéim seo den mheasanú.

Creidtear nach n-iarrfar ar na grúpaí a chuir iarratas isteach teacht i láthair an choiste.

Bhí cuid mhór suime sa tairiscint, go háirithe ó tharla an cúlú eacnamaíochta bheith ag cur as don earnáil léiriúcháin teilifíse, agus bhí iarratais ón tuaisceart agus ón deisceart. Beidh an coiste ag tabhairt airde go háirithe ar thaithí na n-iarratasóirí, ar a gcumas a leithéid de sheirbhís a sholáthar ar bhonn laethúil, agus ar a gcumas freastal go háirithe ar lucht na Gaeilge sa tuaisceart.

Scríofa ag ar 08.05.2009 Rannóg gaeilge.

3 Nóta Tráchta ar “Cinneadh go luath faoin suíomh úr”

  1. Daniel

    Is aoibhinn liom an suíomh nua, tá sé an-úsáideach agus an-chuimsitheach.
    Guím gach rath air! Agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé i bhfad níos fearr ná aon suíomh eile.

  2. Úna B

    Dochreidte iontach – ní féidir liom fanacht go dtí go mbeidh sé thuas beo!

  3. Cathal

    Cén uair a bheidh an suíomh a láinseáil agus ag obair mar is ceart? Ní thig liom fanacht!!

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24