Ceiliúradh ag Cló Iar-Chonnachta


D’fhógair na foilsitheoirí ceoil agus leabhair Ghaeilge Cló Iar-Chonnacht clár
imeachtaí inniu mar chuid de cheiliúradh cúig bliana fichead an comhlachta. Beidh an
comhlacht ag obair i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le Féile Ealaíon na
Gaillimhe, i measc dreamanna eile, le clár fíorspeisialta a chur ar fáil in 2010.
Ar na himeachtaí atá beartaithe tá seachtain cláracha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag
tús mhí an Mheithimh, sladmhargaí ar leabhair agus ar dhlúthdhioscaí, ceolchoirm
mhór i rith Fhéile Ealaíon na Gaillimhe i mí Iúil, imeachtaí liteartha ag an bhféile
liteartha IMRAM i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair agus lear mór ócáidí eile ar
feadh na bliana ó cheann ceann na tíre (tá tuilleadh eolais le fáil ar lgh. 2 & 3).
Sa bhliain 1985 a bhunaigh an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile, as Inis Treabhair i
gConamara ó dhúchas, Cló Iar-Chonnacht agus é fós ina mhac léinn ollscoile.
D’fhoilsigh an comhlacht os cionn trí chéad leabhar agus d’eisigh céad caoga albam ó
shin.
‘Ón tús ba í an fhís a bhí ann ná teach foilsitheoireachta a bhunú a bheadh mar
chaomhnóir agus mar phátrún ar chultúr na Gaeltachta agus ar an nGaeilge,’ a mhínigh
Ó Conghaile. ‘Ó thaobh an cheoil de ba é an chéad aidhm a bhí ag CIC ná ceoltóirí as
Conamara a thaifeadadh, go háirithe amhránaithe ar an sean-nós, ach tá fás tagtha ar
an aidhm sin ó shin agus seánraí eile ceoil curtha san áireamh,’ a deir sé.
Sa bhliain 2009 tháinig fás ar an gcomhlacht leis na hinphriontaí aitheanta Sáirséal
• Ó Marcaigh agus An Clóchomhar tógtha ar láimh. Is iad Sáirséal • Ó Marcaigh a
d’fhoilsigh clasaicigh ar nós Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, filíocht Sheáin Uí
Ríordáin, agus Mháire Mhac an tSaoi. Beidh Cló Iar-Chonnacht i mbun díol agus
bainistiú an stoic atá fágtha ag na comhlachtaí seo agus athfhoilsiú roinnt de na
clasaicigh móra. Leanfar le leabhair nua a fhoilsiú faoi inphrionta An Chlóchomhair.
Ceiliúradh
Rogha as na himeachtaí atá beartaithe i mbliana
Raidió na Gaeltachta • Féile Ealaíon na Gaillimhe • Sladmhargadh
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Seachtain speisialta cláracha: Luan, 31 Bealtaine – Aoine, 4 Meitheamh
Léireofar ról lárnach Raidió na Gaeltachta i gcúrsaí ceoil agus litríochta le
seachtain speisialta cláracha ar an stáisiún ina gcraolfar scoth an cheoil agus na
litríochta ó chatalóg Chló Iar-Chonnacht. Tiocfaidh an chéad chlár, eagrán
speisialta de Iris Aniar, beo as siopa Chló Iar-Chonnacht i bPáirc Ghnó Indreabháin
ó 9.08 r.n. go 10.00 r.n. ar an Luain 31 Bealtaine. Tá cuireadh ag an bpobal a
bheith sa siopa don ócáid seo ag a mbeidh margaí speisialta, comórtais agus ag a
gcaithfear súil siar ar bhuaicphointí is ar an mbóthar forbartha a thug an comhlacht
uirthi féin.
Beidh rogha an cheoil ón gcatalóg le cloisteáil ar an stáisiúin i rith na
seachtaine, é roghnaithe ag Neansaí Ní Choisdealbha ar an gclár Ceol Binn ó na
Beanna ar an gCéadaoin ag 7.00 i.n. agus ag Máirtín Mac Donnchadha ar an Déardaoin
ar Fonnadóirí ag 7.00 i.n.
Ar an Déardaoin freisin beidh Máirtín Tom Sheáinín ag labhairt le Micheál Ó
Conghaile, bunaitheoir an comhlachta agus le cuid de na daoine a bhí lárnach i bhfás
Chló Iar-Chonnacht ar a chlár Ardtráthnóna ag 2.04 i.n. Cuirfidh muintir Glór Anoir
clabhsúr ar an seachtain cláracha ar an Aoine ag 5.04 i.n. le heagrán speisialta
litríochta, curtha i láthair ag Dónall Ó Braonáin, ina gcaithfidh painéal
léirmheastóirí súil siar ar chatalóg Chló Iar-Chonnacht.
Féile Ealaíon na Gaillimhe. Ceiliúradh: Cló Iar-Chonnacht ag ceiliúradh 25 bliain
Céadaoin 21 Iúil, 2010 sa Live Lounge in Óstán an Radisson, Gaillimh
Doirse 8.30 i.n., tosnú 9.00 i.n.
Rogha as réimse agus raon an cheoil a eisíodh ar lipéad Chló Iar-Chonnacht ó 1985 ar
aon stáitse amháin. Is é an sár-phíobaire agus ceoltóir Ronan Browne
(www.ronanbrowne.com) léiritheoir na ceolchoirme seo ag a mbeidh scoth an cheoil, na
siamsaíochta agus an damhsa.
Tagann Ronan ó chúlra láidir sa gceol ó dhúchas, agus cé gur mar cheoltóir
traidisiúnta is mó atá aithne air tá taithí na mblianta aige i réimsí éagsúla ceoil,
an Afro Celt Sound System ina measc.
Is é an craoltóir agus fliúiteadóir aitheanta Marcas Ó Murchú fear an tí na hoíche.
As Béal Feirste ó dhúchas do Mharcas agus tá cónaí anois air i gcathair Dhoire.
D’eisigh sé dhá dhlúthdhiosca le Cló Iar-Chonnacht, Ó Bhéal go Béal (CICD 126) agus
Turas Ceoil (CICD 163), agus bíonn sé le cloisteáil ar an gclár ceoil Turas Ceoil ar
RTÉ Raidió na Gaeltachta i rith an tsamhraidh.
Beidh scoth na gceoltóirí agus na ndaimhseoirí ag glacadh páirte sa gceolchoirm. Ina
measc beidh muintir Mulcahy (Mick agus a bheirt iníonacha, Louise agus Michelle),
Charlie agus Ben Lennon in éineacht Tony O’Connell, na deartháireacha óga Uí Iarnáin
as Inis Mór, Árann, John Wynne agus John McEvoy. Ar stáitse freisin beidh John Carty
agus Brian McGrath. Beidh na daimhseoirí Gearóid agus Pádraig Devaney agus an
fonnadóir Nan Tom Teaimín i measc na gceoltóirí a bheidh páirteach freisin.
Seachtain oscailte i siopa CIC, Indreabhán, Conamara
Ó 9.30 r.n. go 5.00 i.n. Luan 31 Bealtaine go Déardaoin 3 Meitheamh.
Ó 9.30 r.n. – 4.00 i.n. Aoine, 4 Meitheamh, 2010
Cuirfear tairiscint speisialta ar fáil do dhuine ar bith a bhuaileann isteach chuig
siopa Chló Iar-Chonnacht in Indreabhán i rith na seachtaine ón Luain 31 Bealtaine go
dtí an Aoine, 4 Meitheamh. Buail isteach chuig an siopa in Indreabhán le linn na
seachtaine, ceannaigh trí tháirge ar luach €25 nó níos mó agus faigh an ceann is
saoire in aisce.
Sladmhargadh CIC
Cúig phacáiste fichead leabhar ar phraghas speisialta
Tá sladmhargadh mór leabhar ag Cló Iar-Chonnacht ina bhfuil siad ag tabhairt amach
fiche cúig pacáiste leabhar ar phraghas speisialta €340 an ceann, pacáil agus
postáil go dtí áit ar bith in Éirinn san áireamh ar an bpraghas sin. Tá céad caoga
leabhar sa bpacáiste ar fad chomh maith Rí an Fhocail & Máirtín Ó Cadhain sa gCnocán
Glas agus an leagan drámatúil de Chré na Cille ina bhfuil ocht CD.
STAIR
Sa bhliain 1985 a bunaíodh Cló Iar-Chonnacht (CIC) agus tá os cionn trí chéad
leabhar foilsithe agus dhá chéad albam eisithe acu ó shin. Is é Micheál Ó Conghaile,
as Inis Treabhair ó dhúchas, a bhunaigh an comhlacht agus é fós ina mhic léinn
ollscoile.
Scríbhneoir bisiúil is ea Ó Conghaile agus bronnadh iliomad duaiseanna is gradam air
as a chuid scríbhneoireachta. Ainmníodh an t-úrscéal Sna Fir ar ghearrliosta Dhuais
Liteartha an Irish Times sa bhliain 2001, bronnadh Duais Liteartha Butler air i 1997
agus sa bhliain chéanna bhuaigh sé Gradam Liteartha Hennessy don ghearrscéal
‘Athair.’
Tá aithne air freisin as a chuid oibre mar dhrámadóir. D’aistrigh sé tríológ an
Líonáin de chuid Martin McDonagh go Gaeilge agus tá drámaí fada dá chuid féin
scríofa aige (an dráma buacach Cúigear Chonamara san áireamh) a léirigh Taibhdhearc
na Gaillimhe.
Foilsíonn CIC réimse leathan litríochta: cnuasaigh filíochta, gearrscéalta agus
amhráin, ficsean do dhéagóirí, úrscéalta, leabhair do pháistí, neamhfhicsean agus
leabhair staire. Tá roinnt leabhar i mBéarla foilsithe ag CIC, aistriúcháin ar
litríocht thábhachtach i nGaeilge a bhformhór, agus d’fhoilsigh siad roinnt leabhar
dátheangach freisin. Tá go leor de na saothair seo le fáil ar téip mar chuid den
tsraith ‘An Beal Beo.’
D’fhoilsigh CIC dhá dhlúthdhiosca ar a bhfuil scoth an cheoil le cloisteáil,
Ceiliúradh rogha de cheol a eisíodh idir 1985/1995 agus Caise Ceoil, a foilsíodh sa
bhliain 2000, ar a bhfuil scoth an cheoil ó 1995/2000. Tá scoth na litríochta a
foilsíodh le CIC ó 1985/1995 le fáil sa leabhar Sláinte a foilsíodh sa bhliain 1995.
Tá cúigear fostaithe go lánaimseartha ag Cló Iar-Chonnacht ina gcuid oifigí in
Indreabhán. Is í Deirdre Ní Thuathail an Bainisteoir Ginearálta, Lisa McDonagh an
Bainisteoir Díolacháin, Lochlainn Ó Tuairisg an tEagarthóir agus Aodh Ó Gallchóir an
tEagarthóir Cúnta. Is í Bridget Bhreathnach an tOifigeach Margaíochta.