Bus do thacaithe na Laochra

Ní fada anois go mbeidh comórtas Peile na Gaeltachta ann agus má tá cónaí ort i mBéal Feirste agus fonn ort chun dul ar bhus lucht tacaíochta Laochra Loch Lao CLG go Maigh Eo…… bhuel deán deifir!

I mbliana, beidh an comórtas ann  i mBéal Atha Mhuirthead, Contae Mhaigh Eo idir 4 agus 7 Meitheamh 2010.

Tá maoiniú faighte  ó Iontaobhas Ultach chun bus tacaíochta a chur ar fáil chun lucht tacaíochta Laochra Loch Lao a thabhairt a fhad leis an chomórtas.

Cé hiad Laochra Loch Lao?

Bunaíodh Laochra Loch Lao den Chumann Lúthchleas Gael in 2006, tógra de chuid Fhorbairt Feirste. Tá siad ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta ó bhí 2007 i leith agus d’éirigh go maith leo sna comórtais sin.Cláraíodh na Laochra mar chumann oifigiúil de chuid Chontae Aontroma den Chumann Lúthchleas Gael agus is mar ionadaithe an chontae agus a ghlacann siad páirt sa chomórtas.

Bedh bus ag imeacht ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar a 4 a chlog ar an Aoine, 4 Meitheamh agus ag pilleadh tráthnóna Dé Luain 7 Meitheamh.

Dar le Rúnaí Laochra Loch Lao CLG, Feargal Mac Ionnrachtaigh, ‘ Deireadh seachtaine den chéad scoth a bheidh ann a mbeidh meascán iontach de pheil, de cheol agus de chraic ann, i gcuideachta na mílte Gael ó fud gach cearn den tír. Ócáid stairiúil a bheas ann do Ghaelphobal Feirste agus beidh BBC i láthair agus iad ag déanamh dhá chlár teilifíse leathuair a chloig faoi na Laochra.’

‘Ba mhór againn lucht tacaíochta callánach agus bríomhar bheith linn i Co. Mhaigh Eo chun muid a spreagadh ar an pháirc peile!

Arsa Cáitlín Ní Ruanaidh, eagraí an bhus,‘Beidh an bus féin ar fáil do Ghaeilgeoirí  amháin agus é saor in aisce ar feadh an deireadh seachtaine. Lena chois sin, thig linn lóistín a chur in áirithe dóibh siúd ar an bhus ach iad cinntiú go bhfuil suíochán in áirithe acu.’

‘Tá 49 suíochán ar an bhus, agus níl mórán spáis fágtha ag an phointe seo. Mholfainn d’éinne ar suim leo gabháil chuig an Chomórtas agus tacú leis na Laochra, teagmháil a dhéanamh liomsa ar cniruanaidh@googlemail.com nó 07763163026 chomh luath agus is féidir’

Le tuilleadh eolais a fháil ar Laochra Loch Lao CLG, déan teagmháil le feargal@forbairtfeirste.com

Scríofa ag ar 25.05.2010 Rannóg gaeilge.

1 Nóta Tráchta ar “Bus do thacaithe na Laochra”

  1. A Chairde,

    Mar eolas – Beidh an bus tacaíochta ag teacht ar ais ar an Domhnach anois. D’athraigh muid seo mar faraor níl lá saoire bainc againn ó Thuaidh agus caithfidh muid teacht ar ais dona daoine a bheas ag obair ar an Luan sin. Gabh ár leithscéal faoi seo.

    Ná bíodh leisce oraibh teagmháil a dhéanamh liom le tuilleadh eolais a fháil

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24