Buaiteoirí Sciath Mhic Giolla Bhríde

Scoil as Ard Mhacha agus scoil as Béal Feirste na mórbhuaiteoirí i gComórtas Sciath Mhic Giolla Bhríde 2009, a bhronnfar anocht ag ócáid speisialta ar an Chorr Chríochach.
Is comórtas iomráiteach Gaeilge é Sciath Mhic Giolla Bhríde a eagraítear gach bliain idir scoileanna dara leibhéal Béarla an Tuaiscirt agus i mbliana ba í Naomh Pádraig Ard Mhacha a thóg leo Craobh na mBuachaillí agus Naomh Doiminic as Béal Feirste a bhain Craobh na gCailíní.
Thug nuacht24 cuairt ar Scoil Naomh Doiminic inniu, áit ar mhínigh an Príomhoide, Carol McCann, tábhacht na Gaeilge i saol na scoile.

Scríofa ag Nuacht24 ar 12.06.2009 Rannóg gaeilge.

1 Nóta Tráchta ar “Buaiteoirí Sciath Mhic Giolla Bhríde”

  1. Cuairteoir

    Maith sibh Naomh Doiminic!

    Agus is suíomh iontach é seo dála an scéil.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24