Buaiteoirí ar Juvenes Tranlatores

Tá buaiteoirí an chomórtais bhliantúil, Juvenes Translatores (‘aistritheoirí óga’ sa Laidin), á bhfógairt inniu. Is é an tríú comórtas é a reáchtáil an Coimisiún Eorpach. Tabharfar cuireadh don 27 buaiteoir (duine as gach Ballstát) teacht chun na Bruiséile i mí an Mhárta, áit a mbronnfaidh an Coimisinéir Eorpach um Ilteangachas duais orthu. Tá gach sonra agus na haistriúcháin bhuaiteacha féin le fáil ar shuíomh an chomórtais: http://ec.europa.eu/translatores .

Is é an buaiteoir Éireannach ná Rachel McNamara, Laurel Hill Secondary School, Luimneach

‘Molaim go hard na buaiteoirí uilig’ , a dúirt Androulla Vassiliou, an Coimisinéir um Oideachas, Cultúr, Ilteangachas agus Óige. ‘Bíonn tóir níos mó ar ár gcomórtas aistriúcháin bliain i ndiaidh bliana. Ghlac 599 scoil ó cheann ceann na hEorpa páirt sa chomórtas i mbliana agus chláraigh 30% níos mó scoil i mbliana ná mar a chláraigh an bhliain seo a chuaigh thart. Tá súil agam go músclófar dúil i bhfoghlaim na dteangacha i measc an aosa óig mar gheall ar an gcomórtas. Is iomaí buntáiste atá ag baint le heolas a bheith agat ar theangacha agus is mór an cuidiú é i dtaobh dul chun cinn a dhéanamh sa saol gairmiúil.’

Beidh turas trí lá i ndán don 27 buaiteoir agus don duine fásta a thagann in éineacht leo agus lena linn sin bronnfaidh Coimisinéir Vassiliou duais agus teastas ar na buaiteoirí ag searmanas bronnta ar an 25 Márta 2010 . Beidh deis acu bualadh le haistritheoirí de chuid an AE i mbun a gcuid oibre fosta.

Reáchtáladh an comórtas ba dhéanaí ar an 24 Samhain 2009 ag an am céanna i ngach Ballstát agus é faoi mhaoirseacht na scoileanna. Bhí dhá uair an chloig ag na daltaí téacs a aistriú ó aon cheann de 23 teanga oifigiúil an AE go dtí a rogha de theanga oifigiúil eile , mar shampla, ón bPolainnis go Fraincis nó ón tSualainnis go Spáinnis. Cuireadh 2253 aistriúchán ar fad isteach agus ina measc bhí aistriúcháin ó gach ceann de na teangacha oifigiúla agus 139 péire teanga.

Níor gan uídh gan óidh a rinneadh na haistriúcháin a cheartú agus a mheas toisc ardchaighdeán na n-aistriúchán sin agus an ghéariomaíocht a bhí i gceist. Cuireadh cúram an taisc sin ar phainéal d’aistritheoirí ó Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh (DGT). Rinne cainteoirí dúchais theangacha na n-aistriúchán iad a mharcáil. Roghnaigh coiste, a raibh Ard-Stiúrthóir DGT ina chathaoirleach air, an t-aistriúchán ab fhearr a tháinig as gach Ballstát.

Is é Juvenes Translatores an t-aon chomórtas dá leithéid inar féidir le daltaí scoile 17 mbliana d’aois a gcuid scileanna aistriúcháin a thástáil in aon cheann de theangacha oifigiúla an AE. Reáchtáladh an comórtas den chéad uair sa bhliain 2007 mar iarracht phíolótach a raibh mar aidhm aici blaiseadh d’obair an aistritheora a thabhairt do dhaltaí agus aird a tharraingt ar ghairm an aistritheora agus ar fhoghlaim teangacha sna scoileanna. Tugadh faoin gcomórtas le díograis sna scoileanna ón gcéad lá toisc gur fíordhúshlán é a thástálann na scileanna teanga a fhoghlaimítear ar scoil. Is léir fosta, i bhfianaise aiseolais a fuarthas ó na múinteoirí, go mbaineann na daltaí lánsult as an gcomórtas.
Is iad seo a leanas ainmneacha na ndaltaí a bhuaigh (mar aon leis na péirí teanga a d’úsáid siad) agus a scoileanna:

Scríofa ag ar 12.02.2010 Rannóg gaeilge.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24