An ghreann sa Ghaeilge – Éigse Cholm Cille
An Greann sa Ghaeilge téama Éigse 2010 a bheidh ar siúl i nDoire ar an
chéad deireadh seac
htaine de mhí an Mhárta. Gnéithe agus cineálacha
éagsúla grinn sa Gaeilge ábhar na gcainteanna agus mar a tharla ó 2003
anuas beidh an ócáid bhliantúil i gColáiste Mhig Aoidh ar an Aoine 5ú agus
ar an Satharn 6ú Márta.
Is deis í seo do phobal Gaeilge an cheantair(Cineál Eoghain) agus pobal
na tíre scríbhneoirí agus saineolaithe a chluinstin ar an ábhár tráthúil
seo leis an ghruaim faoi chursaí eacnamaíochta a scaipeadh agus cian a
thógáil dínn in am an ghátair, deir Regina Uí Collatáin, Stiúrthóir Éigse
2010, atá ina léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Bhaile
Átha Cliath.
Osclófar an Éigse oíche Aoine 5ú Márta nuair a thabharfaidh an file agus
an scríbhneoir cáiliúil Liam Ó Muirthile eochairchaint na hÉigse ‘An
Choiméide Dhaonna’. Ina dhiaidh sin beidh an dráma grinn ‘Sínte’ á léiriú
ag Aisteoirí Mhíobhaigh ó Ros Goill i nGaeltacht Thír Chonaill.
Maidin Dé Sathairn beidh sraith cainteanna ar ghnéithe den ghreann i
litríocht na Gaeilge agus sa traidisiún béil. Cuirfidh Róisín Mc Laughlin
ó chathair Dhoire agus údar an leabhair Early Irish Satire tús leis na
cainteanna sin le Gnéithe den aoir sa tseanré in Éirinn. I measc na
gcainteorí eile beidh na hiar-ollúna Seosamh Watson, Nicolas Williams agus
Séamas Ó Cathain ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus Jan
Erik Rekel ó Ollscoil Oslo. San iarnóin déanfaidh Nollaig Mac Congáil,
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Séamas Mac Annaidh, údar cáiliúil, plé
ar bheirt scríbhneoirí a raibh féith an ghrinn go smior iontu – Séamas Ó
Grianna ó Rann na Feirste agus Brian Ó Nualláin (Myles na gCopaleen) An
Béal Bocht agus araile, a rugadh ar an tSráth Bán.
Beidh an leabhar is déanaí sa tsraith Manuail de Litríocht na Gaeilge
Faisicil V An Dubhaois:1704-1750 le Breandán Ó Doibhlin á sheoladh le linn
na hÉigse chomh maith le Mo Dhá Róisín le Séamas Ó Grianna curtha in eagar
ag Nollaig Mac Congáil.
Ó bunaíodh í i 1995 tá a cion féin déanta ag TG4 leis an ghreann,
aitheanta mar an genre is dúshlánaí agus is deacra clár ar an teilifís, a
leiriú. Le cabhair mhíreanna samplacha ó chartlann TG4 caithfidh Micheál Ó
Meallaigh, Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4, súil ar shuáilcí agus ar dhuáilcÍ
na n-iarrachtaí sin i gcaint dheireanach an lae ‘Súil Eile ar an Ghreann’.
Éigse Cholm Cille, a bunaíodh sa bhliain 2002, le léamh agus scríobh na
Gaeilge a chur chun cinn agus le ceiliúradh a dhéanamh ar scríbhneoirí an
cheantair mhóir sin atá ag síneadh ó Inis Eoghain go Tír Eoghain, a
reáchtálann an ócáid chúltúrtha seo i nDoire gach bliain ag tús an
earraigh. Ní bhíonn táille ar na leachtaí agus bíonn fáilte i gconaí
roimh aon duine a bhfuil smeachán Gaeilge acu.
Seo leithscéal maith tamall a chaitheamh i gcathair álainn ársa seo an
iarthuaiscirt agus comhluadar mhuintir Dhoire a bhfuil cáil an ghrinn
orthu a bhlaiseadh ar feadh cúpla lá.
Tuilleadh eolais 01-7168140 / regina.uichollatain@ucd.ie nó
m.niccathmhaoil@ulster.ac.uk