An Craoibhín

Chuir An Post stampa ar fáil, an tseachtain seo, ag comóradh 150 bliain ó lá breithe Dhubhghlais de hÍde. Bhí de hÍde ar na daoine ba thábhachtaí i stair na hathbheochana agus ar bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge. An Craoibhín Aoibhinn an leasainm a d’úsáid sé agus é ag scríobh agus bhí meas mór air mar scríbhneoir agus mar scoláire agus ar ndóigh, ba é céad Uachtarán na hÉireann é. Tá an stampa 55c ar fáil ó oifigí de chuid An Post nó ar líne ó www.irishstamps.ie

Scríofa ag Nuacht24 ar 27.01.2010 Rannóg gaeilge.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24