Aitheantas do 4 Ghaelscoil eile ó thuaidh – raic

Tá aontachtaithe ag cáineadh Caitríona Ruane as a bheith ag tabhairt a bharraíocht airgid do Ghaelscoileanna sa tuaisceart. Cháin idir an DUP agus an UUP cinneadh Caitríona Ruane chun aitheantas a thabhairt do ceithre Ghaelscoil sa tuaisceart inniu. Is iad na scoileanna atá i gceist ná Gaelscoil an tSeanchaí, ar Mhacaire F iolta; Gaelscoil na mBeann, Cill Caol; Gaelscoil Léim an Mhadaidh,agus Gaelscoil Choin Rí Uladh, ar an Bhaile Meánach. Deir Mervyn Storey ón DUP gur ionadh go bhfuil maoiniú ar fáil do Ghaelscoileanna nuair nach bhfuil maoiniú ar fáil d’earnalacha eile oideachais ó thuaidh.  Agus  deir Tom Elliott ón UUP gur ionadh leis go bhfuil méadú faoi chúig ar mhaoiniú scoileanna Gaeilge ó rinneadh Aire Oideachais de Caitríona Ruane.

Scríofa ag Eoghan Ó Néill ar 28.07.2010 Rannóg gaeilge.

2 Nóta Tráchta ar “Aitheantas do 4 Ghaelscoil eile ó thuaidh – raic”

  1. séamus mac seáin

    Tá a cuid oibre déanta go maith ag an Aire ainneoin síor chaoineadh na nAontachtaithe agus ár mbuíochas tuillte aicí. Is faoi Chomhairle na Gaelscolaíochta anois atá sé a bheith cinnte go sásóidh na scoileanna seo an chriteir don bhliain seo chugainn agus go rachaidh líon na bpáistí suas go maith. Beidh toghchán don Tionól ann an bhliain seo chugainn agus seans maith nach ag SF a bheas an Aireacht Oideachais. Is uair na cinniúna don Ghaelscolaíocht ar fad é aitheantas na scoileanna seo agus caithfear iomlán tacaíochta na h-earnála a bheith taobh thiar dóibh. Ba mhinic a cháin mise SF san am a chuaigh thart agus dhéanfadh arís é ach san am chéanna tugaimis moladh nuair atá moladh tuillte

  2. Maith thú a Shéamuis, aontaím go hiomlán leat!

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24