Áislann Rann na Feirste

Tá ionad úr acmhainne ilfheidhmeach €1.5 milliúin forbartha i gcroí lár bhaile Rann na Feirste i Rosa Thír Chonaill. Is é seo ionad a dhéanfas freastal ar riachtanais chultúrtha, eacnamaíocht agus shóisialta an phobail áitiúil.
Bhí ceangal láidir riamh anall ag Rann na Feirste leis na Sé Chontae agus as an gaol láidir seo tháinig scoláirí clúiteach chun an bhaile, leithéidí Ken Whitaker, Malcolm Scott, Bill Glendenning agus Benedict Kiely agus iad i mbun a gcuid staidéir.
Ina gcuideachta seo bhí an Cairdinéal Tomás Ó Fiach, an tArd Easpag Dónall Caird chomh maith le leithéidí Paul Brady, Albert Fry agus Nell Mc Cafferty.
Tuigeann Pobal Rann na Feirste gur fágadh seod luachmhar acu le caomhnú agus le coimhéad agus ar an ábhar sin tá Coiste Áislann Rann na Feirste le bliain anuas ag bailiú le chéile béaloidis, bainteach leis an bhaile, ó fhoinsí éagsúla sa dóigh is go mbeidh an t-eolas luachmhar seo ar fad ar fáil i gcartlann san Áras úr i Rann na Feirste do mhuintir an bhaile, ár gcomharsana, i gcuideachta cuairteoirí a thig chun an bhaile.
Tá chuile shórt a bhailiú acu ó sheanchas, scéalta, ceol, seanphictiúirí, agus seanthaifid.
Má tá eolas ar bith agat bíodh sin scríbhinní, scéalta. seanthaifid físeán, ceol nó ábhar ar bith eile, bheadh an coiste buíoch dá rachfá i dteagmháil leo ag aislannrnf@gmail.com
Tá sé tábhachtach oidhreacht luachmhar Rann na Feirste agus Chúige Uladh a chaomhnú do na glúnta atá le theacht. Beidh muid buíoch beannachtach do chuidiú ar bith.

Scríofa ag ar 12.02.2010 Rannóg gaeilge.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24