Ag bualadh leis – An Big Drum

Sheol an Dr Fintan de Brún aistriúchán go Béarla ar an leabhar mórchlú ‘An Druma Mór’ sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar na mallaibh. Is é an Dr A J Hughes a rinne an t-aistriúchán ar leabhar clúiteach Sheosamh Mhic Ghrianna. Le linn na hócáide, i siopa leabhair An Ceathrú Póilí mhol sé go mb’fhearr i bhfad dá gcaithfí an t-airgead atá á caitheamh ar aistriúchán sa Dáil ar aistriú leabhair a bhfuil fiúntas iontu nó tóir orthu ó theangacha eile go Gaeilge. Nó ón Ghaeilge go teangacha eile. Rinne an t-údar roinnt aistriúcháin ón Ghaeilge cheana féin (orthu sin d’aistrigh sé filiocht le Nuala Ní Dhomhnaill go Fraincís) agus dar leis gur chomhartha na beatha d’aon teanga go mbíonn saothair sa teanga á n-aistriú go teangacha eile. Tá ‘The Big Drum’ ar fáil ón Cheathrú Póilí i gCultúrlann Mac Adam – Ó Fiaich nó ó Chlólann Bheann Mhadagáin – http://www.benmadiganpress.com/irish/book_dm.html

Scríofa ag ar 06.02.2010 Rannóg gaeilge.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24