Gadaíocht i bPáras

Le hAaron mac Fhionnlaoich

Gadaí aonair a bhris isteach san Áras Nua-Ealaíne i bPárás maidin Déardaoin seo caite. Goideadh cúig phictiúr de chuid ealaíontóirí fíor-cháiliúla, Picasso agus Mattisse ina measc, de luach €100 milliún.  

Thug oifigigh an mhúsaeim faoi dhearadh go raibh na pictiúir in easnamh go gairid roimh am oscailte an mhúsaeim. Tá ceisteanna á gcuir anois mar gheall ar an leibhéal slándála atá in úsáid acu sa mhúsaem. Níor shéid an t-aláram rith an robáil, agus níor thug trí ghardaí a bhí sa mhúsaem an robáil faoi dhearadh. Dar le foinse atá ag nuachtán Francach Le Parisien, ní raibh an córas aláraim ag obair le dhá mhí anuas. Bhí an músaem dúnta inné le fógra beag crochta ar doirse an mhúsaeim ‘Dúnta ar chúiseanna teicniúla’.

Mar gheall ar an gclú atá ar na bpictiúr bheadh sé deacair iad a dhíol ar aghaidh ar an mhargadh ealaíona. Is iad seo a leanas na pictiúir a ghoideadh; “Le Pigeon aux Petits Pois” le Picasso, “La Pastorale” le Matisse, “Nature Mort aux Chanderliers” le Fernand Leger, “Lá Femme a l’Eventail” le Amedeo Modigliani, agus “L’Olivier Pres de L’Estaque” le Georges Braque. 

Is fiú €22 milliún é “Le Pigeon aux Petits Pois” (An Colúr le Piseanna) le Picasso.

 

Scríofa ag ar 26.05.2010 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24