Fuadach Éireannaigh in Siarra Leon

Tugadh le fios ar maidin guasclaíodh fear gnó as Éirinn a fuadaíodh in Siarra Leon ag tus na seachtaine seo. Bhí an fear gnó sa tír chun tosú ar chás dlí i gcoinne roinnt daoine a rinne feall air i bhfiontar gnó a bhí tionscnaithe acu le chéile. Bhí an tÉireannach ag infheistiú in Siarra Leon le tamall maith anuas ach nuair a thuig sé go raibh roinnt daoine i ndiaidh bob a bhualadh air le déanaí d’fhill sé ar Siarra Leon chun tabhairt faoi chás dlí ina gcoinne. Ach nuair a d’fhill sé ar a ostán in Freetown chun comhaid a fháil a bhí de dhíth ar na péas fuadaíodh é. Thosaigh na péas ar a chuadach agus tháinig siad air nuair a stop siad carr 4×4 agus ghabh triúr fear a bhí i ndiaidh an tÉireannach a fhuadach. Deir na péas go bhfuil garda curtha ar fáil acu don fhear ghnó a fhad is go bhfuil sé sa tír nó go bhfuil sé faoi bhagairt i rith an ama.

Scríofa ag ar 20.05.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Fuadach Éireannaigh in Siarra Leon”

  1. Fearn

    An fiú coileáin an Tíogar Cheiltigh a fhuadach ?

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24