Freagraí Fós á Lorg ón Fhoras

Tá ráite ag Bhall Tionóil de chuid Pháirtí Daonlathach Sóisialta an Lucht Oibre
Dominic Bradley go bhfuil oifigigh Fhoras na Gaeilge agus ionadaithe na
n-eagraíochtaí bunmhaoinithe le teacht faoi bhráid an Choiste Cultúir Ealaíona agus
Foilíochta Déardaoin seo chugainn  ag Stormontle ceisteanna a fhreagairt mar gheall
ar an socrú nua maoinithe atá tugtha isteach ag an Fhoras,  Ag labhairt dó inniu bhí
an méid seo le rá ag an Bhrolchánach,

‘Mhol mé don Choiste cuireadh a chur ar an Fhoras agus ar na heagraíochtaí
bunmhaoinithe, Ultach, Altraim, agus Pobal.  Ní dóigh liomsa go bhfuil sé sách
soiléir go fóill cad é an ról a bheas ag na heagraíochtaí faoin socrú nua, cá mhéad
de mhaoiniú a bheas acu, an gcaillfear postanna iontu, nó cé a dhéanfaidh polasaí a
stiúradh faoin socrú nua.  Tá gearghá le freagraí ar na ceisteanna seo sula dtéann
muid níos faide ar aghaidh leis an phróiseas – beidh mise ag cur na ceisteanna sin
an tseachtain seo chugainn agus ag súil le freagraí fiúntacha orthu.

Scríofa ag ar 06.02.2014 Rannóg náisiúnta, nuacht.

10 Nóta Tráchta ar “Freagraí Fós á Lorg ón Fhoras”

  1. Séamus Macseáin Béal Feirste

    Má tá ciall ar bith ag na grúpaí a bhfuil á mbunmhaoíniú caillte acu ní bheidh baint ná páirt acu le troid seo na mbó maol idir SF agus an SDLP san éisteacht sa tionól. Is iad féin a bheas thíos leis agus á gcuid fostaithe chomh maith. Sílim go bhfuil seans go fóill ann go gcoinneodh siad ag dul ar aghaidh leis an obair bîodh a’s go mbeadh stádas éigin caillte acu. Cé acu is tabhachtaí leo an stádas nó an obair sin í an cheist.

  2. Feirsteach

    Dominic: “Ní dóigh liomsa go bhfuil sé sách soiléir go fóill cad é an ról a bheas ag na heagraíochtaí faoin socrú nua, cá mhéad de mhaoiniú a bheas acu, an gcaillfear postanna iontu”

    Tá brón orm ach nach bhfuil sé ríshoiléir ó ráiteas an Fhorais agus ó ráitis na n-eagras féin, poiblithe ar an suíomh seo agus léirithe go sonrach ag an bpicéad lasmuigh den Chultúrlann agus i nach mór gach agallamh a rinneadh ónár fhógair an bhForas an cinneadh úd. Cá bhfuil an doiléireacht ar an gceist seo? Bí cinnte, tá doiléireacht ar cheisteanna eile ach ní dóigh liom go bhfuil aon doiléireacht ar an gceist seo.

    Pobal: Faoi chur chuige an Fhorais, caillfidh POBAL féin 4 as 5 phost lán-aimseartha. Caillfear seirbhísí agus tacaíocht a cuireann POBAL ar fáil do phobal na Gaeilge, agus caillfear sainscileanna agus saineolas.
    http://www.nuacht24.com/nuacht/cinneadh-tubaisteach-deanfaidh-se-dochar-don-teanga-go-ceann-i-bhfad-pobal/

    Altram: Cuirfidh Foras na Gaeilge deireadh le maoiniú d’Altram, eagraíocht réigiúnda na luathbhlianta ag deireadh Mhí Mheithimh 2014. Caillfear 5 phost lánaimseartha agus post amháin páirtaimseartha.
    http://www.nuacht24.com/nuacht/preas-raiteas-altram/

    Iontaobhas Ultach: Nuair a imeos muidinne, beidh daoine ag obair go fóill ar an talamh, ach ní bheidh aon eagraíocht ann:
    http://www.nuacht24.com/nuacht/deireadh-le-croi-mhaoiniu-gach-eagras-gaeilge-i-dtuaisceart-eireann/

    Maidir le cúrsaí fostaíochta – De réir mar a fheictear dom (seans go bhfuil dul amú orm ach ní dóigh liom é) ní fhéadfadh ceanneagras go dlíthiúil a rogha fostaithe a aistriú isteach sa cheanneagras nua – caithfidh go mbeadh cás ag an téigh nár roghnaíodh, rud a chiallódh go mbeadh gá le próiseas earcaíochta nua d’aon phost a bhí bunmhaoinithe ag an bhForas ach nár éirigh leo bheith mar cheanneagraíocht.

    Cás eile a bheadh ann dóibh siúd atá maoinithe ag foinsí maoinithe/ioncaim eile. Sa chás seo, thiocfadh leis an fhostaí sin go dlíthiúil a aistriú isteach i gceanneagras nua ar na cúinsí fostaíochta céanna, le haontú an dá eagraíocht trí aistriú gnóthais: http://www.out-law.com/page-448 (gabh mo leithscéal faoin nasc Bhéarla ach ní raibh mé ábalta teacht ar leagan Gaeilge go fóill).

  3. Nach ait go mbionn riail amháin ann d’fhostaithe ar nós fostaithe na n-eagraíochtaí ó thuaidh:
    réir mar a fheictear dom (seans go bhfuil dul amú orm ach ní dóigh liom é) ní fhéadfadh ceanneagras go dlíthiúil a rogha fostaithe a aistriú isteach sa cheanneagras nua – caithfidh go mbeadh cás ag an téigh nár roghnaíodh, rud a chiallódh go mbeadh gá le próiseas earcaíochta nua d’aon phost a bhí bunmhaoinithe ag an bhForas ach nár éirigh leo bheith mar cheanneagraíocht. –

    Agus riail eile ann d’fhostaithe Bhórd na Gaeilge a athraigh le na cúinsí ceanna pá etc ó Bhórd na Gaeilge go Foras na Gaeilge (gí is gur tháínig Foras ar an saol de bhairbhe reachtaíocht nua etc!).

  4. Feirsteach

    Ceart agat go pointe a Chonchubhair ach tá difir ann. Is eagrais dheonacha iad na heagrais Ghaeilge a bhí bunmhaoinithe agus is eagras (idir)stáit/trasteorann é an bhForas. Nuair a bunaíodh an eagras trasteorainn aontaíodh leis an bhfostóir (Bord Bhord na Gaeilge) go ndéanfaí aistriú gnóthais isteach san eagraíocht nua.

    An difir leis an Samhail Nua Maoinithe ná nach státseirbhísí iad fostaithe na n-eagras, is fostaithe iad in eagrais dheonacha agus chuige sin tá an dualgas ar na boird (na fostóirí) cinntiú go bhfuil go leor airgid ann chun go mairfidh an eagraíocht.

    Cad a bhí mar Phlean B ag na heagrais?

    Cá raibh an plean éagsúlaithe ioncaim chun cinntiú go mbeadh na heagrais inmharthana gan bunmhaoiniú an Fhorais, rud a bhí ríshoiléir go mbeadh deireadh ag teacht léi. Ardaíodh an treo nua seo chomh luath agus 2001 (sa doiciméad Treo, más buan mo chuimhne).

    Cad atá cinnte ná go raibh ar a laghad 5 bliana ag na heagrais chun pleanáil airgeadais a dhéanamh chuige seo nó chun teacht le chéile le heagrais eile ar a dtéarmaí féin, mar a rinne eagrais áirithe ach roghnaigh eagrais eile gan é seo a dhéanamh agus anois tá na fostaithe agus na heagrais féin i bponc agus (gach) seans go mbeidh custaiméirí / úsáideoirí seirbhísí / baill na n-eagras thíos leis, dá bharr.

    Cinnte, gur chóir go mbeadh na Rialtais ag maoiniú eagrais dheonacha Ghaeilge ach ní fhéadfaí braith ar seo riamh.

  5. Séamus Macseáin Béal Feirste

    A Fheirsteach a chara tá tusa eolach ar na cúrsaí seo baill ó Dhia ort ach cérbh iad na heagrais ar éirigh leo éaló ón Fhorais agus atá anois neamhspleach agus saor ó dheontas.?

  6. Feirsteach

    Na heagrais nár éirigh leo bheith mar cheanneagraíochtaí tar éis an 30 Meitheamh 2014. Ar an drochuair níl an cinneadh glactha acu ar a dtéarmaí féin, mar a rinne The Wheel (scátheagraíocht na n-eagras dheonach agus pobal sna 26 Co.) nuair a thuig siad go raibh ciorruithe tubaisteacha tuartha. Tá méadú suntasach déanta acu ar fhoinsí ioncaim neamhstáit thar thréimhse de bhlianta agus anois tá siad ag bogadh i dtreo bheith neamhspleách ar mhaoiniú Stáit (& maoiniú fondúireachtaí atá ag teacht chun deireadh go luath) go bhfios dom. Is trua nár ghlac níos mó eagrais Ghaeilge an cur chuige céanna Plean B a ullmhú tráth de bhlianta ó shin. Tuigtear dom go bhfuil Stiúrthóir Forbartha á fhostú ag Conradh na Gaeilge chun tabhairt faoi straitéis éagsúlaithe ioncaim na heagraíochta maoinithe ag na baill.

  7. Séamus Macseáin Béal Feirste

    Tuigim anois A Fheirsteach a chara cad atá i gceist agat go raibh maith agat agus ba mhaith an rud na grúpaí éagsúla dèanamh ar a son féin ó thaobh airgid de ach rud a bheadh deacair a dhothain ag an tús. An amhlaidh gur cheart don státchóras (FNG?)aiirgead a dhíol le grúpaí punt ar phunt ar gach a bhailíonn siad féin mar thús i dtreo féin mhaoíniú? Is féidir nár mhiste do ghrúpaí dul chun cainte le Gearóid Mac Cumhaill i mBéal Feirste a bhunaigh TACA as a stuaim féin agus a bhfuil breis agus £1,000,000 curtha isteach sa Ghaelscolaíocht aige agus nach bhfuair pinginn de dheontas ariamh .

  8. Feirsteach

    Tá cinneadh glactha ag an Fhoras ag an staid seo agus barraíocht infheistithe acu chun dul siar ar an gcinneadh, déarfainn. Mar sin, ní dóigh liom go mbeadh an Fhoras toilteanach (nó ábalta go dlíthiúil) an t-airgead atá geallta do na ceanneagraíochtaí, do na tograí áitiúla nó dá gcuid fostaithe a athinfheistiú leis na heagrais sin nár iarraidh leo bheith mar cheanneagraíochtaí.

    Má tá aon todhchaí in ann do na heagrais seo go neamhspleách ar an gcóras reatha, bheadh orthu teacht ar fhoinsí maoinithe/ioncaim eile.

    Is dóigh liom go mbeadh seo an-dúshlánach ar eagrais tabhairt faoi chur chuige iomlán nua (agus athrú cultúr na heagraíochta i gcásanna ar leith) muna bhfuil pleananna tosaithe acu go neamhphoiblí cheana féin.

    É sin ráite, nuair a dhún Breitheamh Spáinnise an nuachtán Bascaise, Egunkarri, d’oscail an nuachtán faoi ainm eile an lá dar gcionn le tacaíocht nuachtán eile agus le tacaíocht an phobail. Bhí mise ag obair le máthairchomhlacht an nuachtán a thug tacaíocht don nuachtán nua, mar sin is dóigh liom go bhfuil aon rud indéanta má tá tacaíocht an phobal agat agus daoine tiomanta feidhmiú lasmuigh de shrianta na ngnáth nósanna agus cur chuigí.

    Dea-smaoineamh atá agat ó thaobh Gearóid de, tá neart saineolais tiomsaithe airgid agus pleanáil airgeadais in earnáil na Gaeilge ach é lonnaithe don chuid is mó sna tograí áitiúla (le roinnt eisceachtaí), a luaigh mé ag an tús.

    Pé rud atá chun tarlú do na heagrais agus don obair reatha, is gá do na heagrais féin cinneadh a ghlacadh faoin straitéis is oiriúnaigh dá mballraíocht ar dtús agus don eagraíocht ina dhiaidh sin. Chomh maith, is gá do na fostaithe cinneadh a dhéanamh faoina dtodhchaí féin. Cad é mar atá siad ag dul bia a chur ar an tábla agus díon a choinneáil os a gcionn i ndiaidh deireadh mhí an Mheithimh. Is dóigh liom muna bhfuil plean réadúil mínithe go soiléir ag an bhfostóir do na fostaithe d’inmharthanacht na heagraíochta go mbeidh na fostaithe ag déanamh cinnidh deacra iad féin, rud a chuirfidh le dua na n-eagras neamhcheanneagraíochta sna míonna amach romhainn (agus/nó leis an bpróiseas aistriú saineolais isteach sna ceanneagraíochtaí nua).

  9. Sílim go bhfuil sé maith go leor ag Feirsteach bheith stuama agus réadúil ar son na bhfostaithe etc…..ach is leir go maireann sé ina dhomhan bheag féin má cheapann sé go dtarlóidh macasamhail Egunkarria go Berria anseo. Tá na h-eagraíochtaí Ghaeilge – na ceann eagraíochtaí, dá fheabhas iad – ar thús chadhnaíochta ag lorg dheontais ón Stát ar láimh amháin agus ag cáineadh an Stáít ar an láímh eile. Níl aon taithí léirithe acu bheith ag cnuasú airgid mar atá ó thuaidh.
    Tá meas mór agam ar dhaoine éagsúla sna ceann eagraíochtaí agus sa bhForas féin – ach is léir go bhfuil gach éinne sásta anois agus ar aghaidh linn go dtí an gcéad dráma eile, Lá Mór na Gaeilge….. Níos cirte a rá ‘bréag dhráma’…..

  10. Feirsteach

    Is cosúil nár léigh tú an chuid eile de m’abairt, a chara,
    “…is dóigh liom go bhfuil aon rud indéanta má tá tacaíocht an phobail agat agus daoine tiomanta feidhmiú lasmuigh de shrianta na ngnáth nósanna agus cur chuigí.”

    Nílim ag rá go dtarlódh seo bunaithe ar an méid atá feicthe ar na mallaibh ach díreach go raibh dea-shampla léirithe ag ár mbráithre i dTír na mBascach dá leithead.

    Leanamar sampla na mBascach le Rith 2010- (www.rith.ie) agus cheap daoine áirithe go raibh muid inár ndomhain bheaga féin ag an am chomh maith, mar aon le nuair a bhunaigh muid Na Gaeil Óga, CLG (www.nagaeiloga.ie) agus Raidió Rí Rá (www.rrr.ie) gan trácht ar go leor eile.

    Ó mo thaithí féin, is beag rud fiúntach nó dearfach a eascraíonn ón soiniciúlacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24