Frank Carson marbh
Tá an fear grinn as Béal Feirste, Frank Carson, i ndiaidh a bháis. Bhí sé in aois 85 bliain agus bhí sé tinn le tamall anuas. Rinne sé aird an phobail a tharraingt air féin sna 1960í nuair a bhain sé an clár talláin ‘Opportunity Knocks’ trí uaire. Bhí sé ar dhuine de na fir grinn is mó a raibh éileamh orthu le linn na 1970í agus bhíodh sé ar an teilifís go mion minic leis ‘The Comedians.’ Ach fágadh ar an trá fholamh é, nach mór, nuair a tháinig glúin nua ceannairceach dana d’fhir is de mhná grinn chun tosaigh sna 1980í agus cé go mbíodh sé ar theilifís corruair ó shin bhí aird ar furasóirí óga eile. Ba de shliocht na hIodáile é Frank Carson nó ba Iodálach a athair. Chuaigh sé isteach i bParaitrúipéirí arm Shasana sna 1950í agus chaith trí bhliain ar dhualgas sa MheánOirthear. Ar fhilleadh dó go hÉirinn chuaigh sé leis an siamsa agus i ndiaidh dó a bheith ar an teilifís bhí a chlú déanta. Bhíodh sé ar an raidió go minic fosta. D’éirigh idir é agus Spike Milligan nuair a thug siad faoi shraith de chláir grinn ar an teilifís in 1976. Dúirt Milligan ar ball go raibh bundifear amháin idir Frank Carson agus an mótarbhealach, an M1. ‘Ar a laghad thig leat stop a chur leis an M1!’ Bhronn an Pápa ónóir Naomh Greagóir ar Frank Carson in 1987. Ar theacht ghlúin nua fear grinn chuaigh Frank Carson ar ais i mbun camchuairte ar chlubanna is ar ionaid na bhfear oibre in Sasana agus bhíodh sé ag déanamh seónna fud na Breataine go dtí 3 bliain ó shin nuair a tháinig tinneas ailse air. Beidh a luaithreach á scaipeadh thart ar a cheantair dúchais, i gceantar na duganna i mBéal Feirste.