An Fleadh Ceoil go Doire – níl sé as an cheist fós

Beidh craobh Dhoire de Chomhaltas Ceoltóirí ag iarraidh achomhairc i ndiaidh do Bhord na nOifigeach de Chomhairle Uladh an Chomhaltais diúltú don iarracht chun an Fleadh Ceoil a thabhairt go Doire. An tseachtain seo caite vótáil tromlach an Chomhairle ar son é a thabhairt go Doire ach ba vóta Bhord na nOifigeach a vótáil aréir. Tá go leor daoine tríd a chéile mar gheall ar na vótaí éagsúla a rinneadh agus an poiblíocht mhór a tugadh dóibh. Go dtí an oíche aréir bhí an cuma ar an scéal go raibh an Comhaltas ar tí ceadú don Fleadh Ceoil triall ar Dhoire den chéad uair. Bhí daoine áirithe míshásta go mbeadh sé ag teacht go Doire a fhad is go mbeidh an chathair ina ‘PríomhChathair Chultúrtha de chuid na Ríochta Aontaithe’ ach bhí an cuma ar an scéal go raibh bunús ball agus bunús an phobail ar son é a thabhairt chuig an chathair. An tseachtain seo caite, in ainneoin malairt tuairimí a bheith ann i measc baill den Chomhaltas agus daoine sa phobal, vótáil Craobh chathair Dhoire den Chomhaltas ar son é a thabhairt go Doire. Ach anois beidh próiseas achomhairce i gceist agus ní léir cén dóigh a rachaidh cúrsaí. Sa chás is nach dtéann an Fleadh go Doire beidh sé á tionól i Sligeach nó ar Inis.

Scríofa ag ar 23.01.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

3 Nóta Tráchta ar “An Fleadh Ceoil go Doire – níl sé as an cheist fós”

  1. Calgach

    Ba olc an rud é dá mbeadh “Fleadh Cheoil na hÉireann” mar chuid d’fhéile a chuireann lipéid “Ríocht Aontaithe” ar Dhoire Cholmcille!

    Ar thóir airgid agus “glóir phoilitiúil” atá lucht an UK city of culture-ní ar thóir cultúr!
    Is léir don chosmhuintir nach ró-ghníomhach sa chultúr atá boic mhóra an fheachtais seo.
    “dhúiche bhreá i seilbh méirleach,
    Is tú díolta leis na Gallaibh”!

  2. Séamus Mac Seáin B'Feirste

    tá scéal seo “gabhail Cultúr na ndúchasach” ag lucht cóilineachta pléite go maith dar liom ag Patrick Murphy ar Irish News an tsathairn seo thart. B’fhiú spléacadh a tabhairt air má bhíonn faill agat a Chalgaigh a chara

  3. Doire Doire, so good we named it twice

    Ní fada ó shin go mbíodh Poblachtaigh ag maíomh as diúltú a bheith páirteach in imeacht ar bith a rinne an Ríocht Aontaithe a chur chun cinn in Éirinn. Agus ar ndóigh rinne siad a scair chun an tionscail turasóireachta sa chathair a scios. Anois, tá Martin ag maíomh go gcuirfidh sé fáilte roimh Lizzy agus tá SF ar thús cadhnaíochta ag brú Doire mar ‘UK City of Culture.’ Agus tá na ‘heasaontóirí’ ag ionsaí cultúr na hÉireann agus ar stíl an IRA ag ionsaí an nasc traenach uileÉirinn. An mise amháin atá iomlán tríd a chéile.

Tabhair Freagra

© Nuacht24