Fine Gael – ceisteanna le freagairt

 Litir a seoladh chuig ceannaire Fhine Gael, Enda Ó Cionnaith

A Theachta chóir,

Cheap tú  an t-uasal Frank Feighan T.D mar urlabhraí Gaeltachta le déanaí. Ardaíonn an ceapachán seo ceist an-bhunúsach. Conas is féidir leis an urlabhraí Gaeltachta feidhmiú muna bhfuil aon Ghaeilge aige? Tá cearta bunúsacha i gceist anseo, mar atá, saoirse cainte agus tuairimíochta dóibh siúd ar mian leo a gcuid tuairimí a chur in iúl trí mheán na Gaeilge. 
Faoi láthair, tá na cearta bunúsacha seo toirmiscthe orainn más mian linn aon idirphlé polaitiúil a bheith againn leis an Teachta Frank Feighan trí mheán na Gaeilge. Léiríonn an cinneadh seo nach bhfuil Fine Gael sásta an dínit agus an meas is bunúsaí atá dlite do shaoránaigh na tíre seo a thabhairt do phobal na Gaeilge. Is iad na cearta daonlathacha seo a gcumsaíonn idirphlé polaitiúil idir shaoránaigh agus pholaiteoirí na tíre seo. Tá ceist amháin againn. Cathain a dhéanfaidh tú leorghníomh san éagóir seo?
Beannacht,

Pádraic Breathnach

Liam Carson

Theo Dorgan

Anna Heussaff

Biddy Jenkinson
Proinsias Mac a’ Bhaird
Iarla Mac Aodha Bhuí 
Doimnic Mac Giolla Bhríde
Seosamh Mac Muirí
Muireann Ní Bheaglaoich

Caitríona Ní Chleirchín

Deirdre Ní Chonghaile

Eibhlís Ní Dhuibhne

Gráinne Ní Ghilín

Síle Ní Scannláin

Brenda Ní Shúilleabháin

Aodh Ó Canainn

Lillis Ó Laoire

Muiris Ó Meara

Colmán Ó Raghallaigh

Mícheál Ó Ruairc

Feargus Ó Snodaigh

Gabriel Rosenstock

Alan Titley

Scríofa ag ar 24.07.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24