Fergus Finlay – ‘ba mhaith liom a bheith i m’Uachtarán’
Tá Fergus Finlay i ndiaidh scríobh chuig Teachtaí Dála is Seanadóirí agus baill de Fheidhmeannas Náisiúnta Pháirtí an Lucht Oibre ag iarraidh orthu tacú leis agus é ag iarraidh ainmiúchán an pháirtí a fháil do toghchán na hUachtaránachta ar an bhliain seo chugainn. Dar leis go bhfuil an tUachtaránacht ar cheann de bheagán institiúidí an stáit nár fágadh smál air le roinnt blianta anuas. Ba mhaith leis a bheith ina Uachtarán chun an ról dearfach atá ag an Uachtarán a threisiú in am nuair atá géarghá leis deir an tUasal Finlay. Tá Fergus Finlay ina PhríomhFheidhmeannach ar Barnardos anois. Bhí ról lárnach aige i bhfeachtas toghcháin Mháire Mhic Róibín nuair a toghadh ise ina Uachtarán in 1990. Is eol go bhfuil suim ag Michael D Higgins in ainmiúchán Pháirtí an Lucht Oibre chomh maith.
Ba mhaith liomsa a bheith i m’Uachtarán freisin.
Is dócha gur údar nuachta é seo!