Fear á cheistiú faoi dhúnmharú Robert Mc Cartney

Tá fear 53 bliain d’aois á cheistiú faoi dhúnmharú Robert Mc Cartney i mBéal Feirste sa bhliain 2005. Ghabh na péas an fear aréir agus tá sé á cheistiú ag aonad na bpéas i mbaile Aontroma. Bhí ollphoiblíocht ann faoi dhúnmharú Robert Mc Cartney taobh amuigh de theach tábhairne Maginnis i lár Bhéal Feirste agus líomhaintí go raibh Poblachtaigh freagrach agus gur chuir an tIRA agus Sinn Féin constaicí sa bhealach ar na hiarrachtaí a rinne a triúr deirfiúr chun teacht ar an fhírinne faoin mharú. Chlis in 2008 ar chás i gcoinne Terry Davidson, fear a bhí cúisithe as coireanna a bhain le marú Robert Mc Cartney.

Scríofa ag ar 31.10.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Fear á cheistiú faoi dhúnmharú Robert Mc Cartney”

  1. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    is cosúil nach bhfuil sé a cheistiú faoí bhás Robert McCartney ar chor ar bith ach é a cheistiú faoin cheistiú a bhí ar bun aige faoín bhás ag an am. Póilíní ” Keystone” i réim i rith an ama abhus dar fia!!

Tabhair Freagra

© Nuacht24