Fan glan ar Gatsby – léirmheas le Gearóid Ó Cairealláin

Níor chuir mé dúil ar bith sa scannán ‘The Great Gatsby’ agus seo an fáth.

Sa chéad dul síos rinne an stiúrthóir, Baz Lurhmann, na carachtair uilig a dhíghradú go dtí an phointe gur gheall le cartúncharachtair gach duine acu.

Bhí scoth na n-aisteoirí aige, rinne Leonardo di Caprio Gatsby den scoth agus bhí an aisteoireacht fríd síos thar a bheith maith. Ach rinne an stiúrthóir díghradú orthu, i ndúil, is dócha, le cur in iúl dúinn go raibh an saol s’acu gan fiúntas cionn is é a bheith dírithe ar airgead, idir sean agus nua.

Lena chois sin d’athraigh sé cultúr an ama (ar son lucht féachana an lae inniu)

Mar sin in áit an Charleston fuaireamar rud éigin a bhí níos cosúla le Rave! In áit blaiseadh a fháil ar na ‘Roarin Twenties’ fuaireamar na Fichidí Folamha. Ceart go leor saol folamh a bhí acu ach cionn is an díghradú a rinne an stiúrthóir orthu ba chuma liomsa sa tsioc.

Go fiú nuair a bhuail tragóid beirt de na carachtair ní thiocfadh liom a bheith buartha.

Dar liomsa nár bhuail tragóid go leor roinnt acu!

Ach ar an taobh eile den scéal shíl mé go raibh na  gluaisteáin go hiontach, feithichilí breátha móra a tógadh go díreach amach as na fichidí. Ach ní shílim gur féidir gluaisteán  a mholadh don Oscar – faraor!

Rud eile, bhí an diabhal scannán i bhfad rófhada.

Bhí mé in ann buicéad mór popcorn a ithe!

Ar an bhealach amach arsa mé le mo bhean, ‘Bhuel, sin scair mór dár saol nach bhfaighimid ar ais arís.’ Mo chomhairle duit, ná gabh in aice leis agus nuair a thiocfas an DVD amach seachain é sin fosta!!

 

Scríofa ag ar 03.06.2013 Rannóg ealaíona, náisiúnta, nuacht.

3 Nóta Tráchta ar “Fan glan ar Gatsby – léirmheas le Gearóid Ó Cairealláin”

  1. Fearn

    @Mo chomhairle duit, ná gabh in aice leis agus nuair a thiocfas an DVD amach seachain é sin fosta!!

    Cuir uait an chuthalacht, a Ghearóid, agus abair amach atá ar do chroí! :-)

  2. Pól Réamainn

    Is cosúil go bhfuil dha tragóidi a fheiceáil sa scannán seo. An tsaol na Jay Gatsby agus an stiúrthóireacht le Baz Lurhmann.

  3. aoife ni riain

    Ceart ar fad agat, a Ghearoid. D’fhag an scannan seo me go hiomlan fuar – ni raibh trua no gean agam ar aon cheann de na caracteir sa scannan seo. Ni ionann agus leagan Robert Redford agus Mia Farrow!! Airgead agus, nios tabhachtai fos, am amu.

Tabhair Freagra

© Nuacht24