Fáilte na nGael i nGlaschú

Idir 14-24ú Meitheamh, tá Conradh na Gaeilge Glaschú ag eagrú an chéad Féile na Gaeilge Glaschú chun ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr Gaelach na hÉireann, nua-aimseartha agus traidisiúnta, i nGlaschú trí filíochta, scannánaíocht, ceol agus damhsa.

Tá stair fhada ag Conradh na Gaeilge Glaschú, stair a théann siar níos faide ná 115 bliain. Agus sa thréimhse sin bhí an Conradh ag iarraidh an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn i nGlaschú.

Ach is é seo an chéad cíneal fhéile le blianta fada.

 Tógfaidh na himeachtaí seo ar an rath iontach a bhí ar an sraith ‘Gaeil le Chéile’ ina raibh Chonradh na Gaeilge Glaschú, i gcomhpháirtíocht leis An Lochran (Gníomhú Ealaíon na Gaidhlig Glaschú). Le linn na n-imeachtaí sin  thug siad le chéile pobail Ghaelach na hÉireann agus na hAlban i nGlaschú do ranganna teanga agus oíche le cheol mar aon le damhsa traidisiúnta.

 Dúirt Eimhín Ó Dunaigh, Oifigeach Forbartha le Conradh na Gaeilge i nGlaschú “Táimid ar bís chun a bheith in ann na himeachtaí éagsúla seo a chur sa tsiúl. Tá nasc fíor láidir idir Gaeil Glaschú agus tá ár bhféile mar chuid don oidhreacht sin, atá iontach beo fós, a choinneáil agus a cheiliúradh.”

Seo iad na himeachtaí:

Oíche Filíocht

14ú Meitheamh, Dé Máirt, 19:00-21:00

Áit: Leabharlann Mitchell (Seomra Stirling)

Táille: Saor in aisce

Táimid bródúil as an seans seo, i gcomhpháirtí leis an irisleabhar liteartha Duillí Éireann (Irish Pages),  oíche filíochta comhaimseartha i nGaeilge agus Gaidhlig na hAlban a chur i bhfeidm.
Beidh Gabriel Rosenstock, Máirín Uí Fhearraigh & Rody Gorman ag leamh a gcuid dánta i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá áthas orainn chomh maith fáilte a chur roimh an file Gaidhlig, Niall O’Gallagher.
Tá Gabriel ar fhilede na filí is fearr agus is mó le rá sa Ghaeilge. Is í cainteoir dúchais Máirínó Dún na nGall (Ghabhla / Ghaoth Dobhair) agus tá Rody, a rugadh i mBaile Átha Cliath, a fhoilsíodh go forleathan i nGaeilge, Gaidhlig & Béarla.

An Cheolchoirm Mhór!

Dé Sathairn, 18ú Meitheamh, @ 19:30
Áit: Halla Pollokshaws Burgh, 2025 Bóthar Pollokshaws, G43 1NE
Táille: £ 5

Tá an-áthas orainn Cór Taobh a’Leitheid, an cór clúiteach Sean-Nós as Gaoth Dobhair, a thabhairt go Glaschú.
Ag ceol ar an oíche chomh maith, beidh cór Gaidhlig na hAlban ón Cumann Ceoil Ghlaschú (aka ‘The GGs’), Ceoltóirí Chonradh na Gaeilge agus go leor eile ceoltóirí agus amhránaithe eile ón phobal Éireannaigh i nGlaschú.

OÍCHE SCANNÁIN

21 Meitheamh, Dé Máirt, @ 19:00
Áit: Ionad Comharsanachta Govanhill, 6 Sráid Noinín, G42 8JL
Táille: Saor in Aisce
Beidh muid ag taispeáint Cré na Cille. Is e seo an leagan scannán don leabhar cáiliúil a scríobh Máirtín Ó Cadhain,  ó ROSG a bhuaigh go leor duaiseanna. Beidh an scannán i nGaeilge le fotheidil i mBéarla.

 

 

TRATH NA gCEIST

24ú Meitheamh, Dé hAoine, @ 20:00
Áit: Sharkeys Bar, Seanbhóthar an Ghleann Ruadh, Gorbals
Táille: £2
Ár dTrath na gCeist dátheangach bliantúil, le ceisteanna i mBéarla chomh maith leis an Ghaeilge.

Dúirt Seán Ó Gallchoir, Cathaoirleach ar Chonradh na Gaeilge Glaschú: “Tá muid an-bhródúil as an sraith imeachtaí seo a chur chun cinn agus an Ghaeilge a cheiliúradh i nGlaschú. Tá áthas orainn go mbeidh an cíneal daoine seo, le clú agus cáil agus ar caighdean an-ard, ag teacht go Glaschú agus tá muid ag tnúth leis an fhéile seo mar an céad ceann a bheith againn. ”

Fuair Conradh na Gaeilge Glaschú deontais ón Rialtas na hÉireann – trí ‘Scéim Tacaíochta na hEisimircigh nó ‘Emigrant Support Programme’, Colmcille agus Cultúr Éireann chun na himeachtaí seo a chur ar siúl.

Nóta:

Bunaíodh Craobh Phádraig Mhic Piarais i nGlaschú i 1895, an chéad chraobh taobh amuigh d’Éirinn. Bhí tráth ann agus bhí 14 chraobh de Chonradh na Gaeilge sa chathair. An lá atá inniu ann, níl ann ach craobh amháin agus í faoi rath agus faoi bhláth agus ag cur ar aghaidh na Gaeilge agus cultur na hÉireann in Glaschú go fóill
 Tá Oifigeach Forbartha lánaimseartha le tacaíocht ón rialtas na hÉireann.

We currently have a full-time development officer, supported by the Irish Government’s Emigrant Support Program.

Le tuilleadh eolas a fhail, déan teagmháil le: Eimhín Ó Dunaigh ar 07866 453708 nó  

Scríofa ag ar 15.06.2011 Rannóg imeachtaí, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24