Eitleáin gan phíolóta á n-úsáid san Libia

Tá Meiriceá i ndiaidh eitleáin gan phíolóta a chur chuig an Libia chun fórsaí an Chornál Ghaddafi a ionsaí. Tá na heitleáin in úsáid cheana féin de réir fhoinsí rialtas Mheiriceá. Baineadh úsáid as na heilteáin seo go minic sa Phacastáin agus meastar gur mharaigh siad roinnt céadta sibhialtach mar aon le roinnt céadta trodaire de chuid an Talaban. Agus deir iar iarrthóir Phoblachtach d’Uachtaránacht Mheiriceá, John Mc Cain, gur laochra dá chuid iad lucht éirí amach na Libia. Tá an tUasal Mc Cain ar chuairt go Benghazi chun bualadh leis na trodairí ansin.

Scríofa ag Eoghan Ó Néill ar 22.04.2011 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

7 Nóta Tráchta ar “Eitleáin gan phíolóta á n-úsáid san Libia”

  1. L Mac L

    An gcreideann siad gur gealta muid? ‘No-fly zone’? Ag cosaint sibhialtach? Bréaga. Cur i gcéill. Tá SAM agus agus a gcairde i NATO ag taobhú le dream amháin i gcogadh cathartha.Tá a gclár oibre féin acu. Ag doirteadh fola faoi choinne ola atá siad.

  2. Fearn

    An b’fhearr leat sléacht Bheingeásaí ag an Cornal, a Lmacl?

  3. L Mac L

    Daoine neamhchiontacha i dTripoli a mharú le daoine i mBenghazi a chosaint? Ní thuigim an mhoráltacht sin.

  4. Fearn

    Ní moráltacht é!
    Cad a mholfá?
    An b’fhearr leat sléacht Bheingeásaí ag an Cornal, a Lmacl?

  5. L Mac L

    Tá sléacht ar siúl ar an dá thaobh anois toisc go gcreideann amadáin go réitíonn cogaí fadhbanna.

  6. Fearn

    Cad a mholfá?
    An b’fhearr leat sléacht Bheingeásaí ag an Cornal, a Lmacl?

  7. Fearn

    “eitleáin gan phíolóta”? a Nuacht24?

    Bíonn píolóta nó “loingsitheoir” ag dróin, bíodh is go bhfuil siad á stiúireadh ó bhunáiteanna i gColorado nó Nevada.

Tabhair Freagra

© Nuacht24