Éireannaigh, El Baradei le bheith os comhair cúirte san Éigipt

Tá ‘ceathrar saoránach Éireannach’ ar naonúr eachtrannach atá i ndiaidh a bheith daortha go príosún ‘suas go 15 lá’ fad is go bhfuil líomhaintí tromch uiseacha ina leith á bhfiosru  dar le tuairiscithe i meáin na hÉigipte inniu. Tuigtear go mbaineann na cúiseanna le hiarracht chun duine nó daoine a dhúnmharú, gunnaí is ábhar pléasctha a bheith acu, agus coireanna tromchúiseacha eile. Creidtear gurb iad páistí Imam Lárionad Ioslamach Bhaile Átha Cliath, an Sheikh Hussein Halawa an ceathrar saoránach Éireannach atá luaite. Thug an Tanáiste le fios nach bhfuil sna tuairiscithe ach raflaíocht agus nach bhfuil aon rud cinnte faoin scéal.  Gabhadh Omaima (21), Fatima (23) agus Soumaya (27) mar aon lena ndearthair Ibrahim (17) nuair a d’ionraigh péas is saighdiúirí na hÉigipte an mosc Al Fateh in Caireo Dé Sathairn. Ach dúirt urlabhraí leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar maidin nach bhfuil sé soiléir go f oill cad é a tharlóidh don ceathrar Éireannach agus nach bhfuil aon dearbhú faighte go fóill go bhfuil siad le coinneáil faoi ghlas nó le tabhairt os comhair cúirte.

Fógraíodh tráthnóna inné go bhfuil an iarLeas Uachtarán ag an rialtas a chuir an t-arm in áit ar 3 Iúil, Mohamed El Baradei, go bhfuil sé cúisithe as ‘sárú ar iontaobh an náisiúin.’ Tabharfar os comhair cúirte é ar an mhí seo chugainn. Tá an tUasal Baradei ar an Éigipteach is aitheanta san Iarthar agus feicfear a chúisiú san Iarthar mar dhearbhú nach bhfuil rún ag arm na hÉigipte orlach a ghéilleadh agus iad ag smachtú dream ar bith a chuireann ina gcoinne.

Scríofa ag ar 20.08.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Éireannaigh, El Baradei le bheith os comhair cúirte san Éigipt”

  1. Fearn

    Is ionadh liom nár luaigh tú scéal Éireannaigh, nach léir ar saoránach Éireannach í, a ghabhahdh sa Peiriú le déanaí, ach an ceathrar Saoránach Éireannach nach Éireannaigh iad.

    Más ciníochas é seo, an claonchiníochas é?

    Tráth dá raibh, bhí Gaeil ann, agus seanGhaill agus NuaGhaill ann. Anois, tá Éireannaigh, NuaÉireannaigh, Éireannaigh nach Saoránaigh Éireannacha iad, Saoránaigh Éireannacha nach Éireannaigh iad agus Saoránaigh Éireannacha ar Éireannaigh iad, Eachtrannaigh le cead agus Eachtrannaigh gan cead agus Eachtrannaigh ag iarraidh cead.

    Agus Éireannaigh ar imirce!

  2. Fearn

    Agus fós níl scéal ó Pheiriú!!

Tabhair Freagra

© Nuacht24