Scaoileadh sa Spáinn – Éireannach marbh
Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil siad ag cuidiú le gaolta an Éireannaigh a maraíodh in eachtra scaoilte in Benalmádena sa Spáinn go luath ar maidin inniu. Tharla an scaoileadh i Coco’s Bar in aice le Malaga. Bhí John O’Neill (40) i mbeár faoin a trí a chlog ar maidin nuair a tháinig fear isteach agus scaoil chun báis é. Tuigtear nach bhfuil aon cheangal ag drongadóirí leis an scaoileadh agus gur iaróg a tharla sa teach tábhairne níos luaithe san oíche a ba cionnsiocair leis an scaoileadh.