€3,033.50 bailithe do chiste tacaíochta Phádraig

D’éirigh le Cumann Gaelach TCD  €3,033.50 a bhailiú ar son chiste tacaíochta Phádraig Schaler ag ócáid a reachtáil said sa Workmen’s Club I mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Tá Padraig faoi tamhnéal sa Ghearmáin I ndiaidh gur bhain taisme bóthair dó agus é ar saoire sna Stáit Aontaithe le linn an tsamhraidh seo caite. Ghabh an Cumann buíochas le Seo Linn, leis na Trinitones agus le Colm Ó Snodaigh ó Kíla agus leo sin uilig a bhí I láthair. Tá an feachtas chun airgead a bhailiú don chiste tacaíochta ag dul ar aghaidh I rith an ama.
Scríofa ag ar 31.01.2014 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24