DVD nua Gaeilge ‘Traein na nDineasár’ ar fáil anois

                                                                                                                                                             13 Samhain 2012

DVD  nua Gaeilge Traein na nDineasár eisithe ag TG4

 

Cuirfidh páistí réamhscoile agus a dtuismitheoirí fáilte roimh an eisiúint DVD Gaeilge is deireanaí ó TG4, bronntanas deas Nollag nó aon am den bhliain.    Seacht gclár d’eachtraí  Buddy atá ar an eisiúint  seo, Traein na nDineasár.   Is é Buddy an laoch.    T Rex é  atá ina chónaí le muintir Pteranadon i nead ollmhór cois farraige.  Caitheann  Buddy agus a chairde go leor ama ar thraein na ndineasár ag taisteal siar go dtí an réamhstair agus ag casadh le hainmhithe réamhstairiúla.

 

Tá buntáistí teanga, siamsaíochta agus oideachasúla leis an tsraith seo, a chruthaigh comhlacht nuálach  Jim Henson,  mar go spreagann  an t-ábhar suim na bpáistí  agus a bhfiosracht faoin eolaíocht agus faoin dúlra mar aon lena gcumas teanga  a fhorbairt.

 

An comhlacht aitheanta léiriúcháin  Abú Media as Gaeltacht Chonamara  a léiríonn an  leagan Gaeilge do TG4  agus tá dhá  shraith de  ath-ghuthaithe  acu go dtí seo, 135 clár ar fad.   Tá taithí fhada fhairsing ag an gcomhlacht i réimse  na teilifíse agus duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige.  Ar na haisteoirí atá páirteach, tá  Linda Bhreathnach,  Cillian Ó Donnachadha,  Marcus Lamb, Tara Breathnach,  Ionia Ní Chróinín,   Meadbh Ní Eidhin agus Ciabhán Ó Murchú.

 

Tá an DVD ar díol  ar-líne ag siopa TG4 ag www.tg4.ie  nó ins na siopaí.  €15 an costas.  Tá cluichí idirghníomhacha Gaeilge a bhaineann le Traein na nDineasár ar fáil  (saor in aisce)  freisin ar  www.cula4.com

 

Ar na sraitheanna aitheanta eile Gaeilge ar TG4   a bhfuil leagan DVD eisithe roimhe seo agus ar fáil fós, tá Dora, Wonderpets agus Spongebob Squarepants.

 

 

Scríofa ag ar 15.11.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “DVD nua Gaeilge ‘Traein na nDineasár’ ar fáil anois”

  1. Fearn

    Traein na nDineasár?

    Tá sé mar gheall ar Iarnród Éireann mar sin :-)

Tabhair Freagra

© Nuacht24