DVD nua Gaeilge ‘Traein na nDineasár’ ar fáil anois
13 Samhain 2012
DVD nua Gaeilge Traein na nDineasár eisithe ag TG4
Cuirfidh páistí réamhscoile agus a dtuismitheoirí fáilte roimh an eisiúint DVD Gaeilge is deireanaí ó TG4, bronntanas deas Nollag nó aon am den bhliain. Seacht gclár d’eachtraí Buddy atá ar an eisiúint seo, Traein na nDineasár. Is é Buddy an laoch. T Rex é atá ina chónaí le muintir Pteranadon i nead ollmhór cois farraige. Caitheann Buddy agus a chairde go leor ama ar thraein na ndineasár ag taisteal siar go dtí an réamhstair agus ag casadh le hainmhithe réamhstairiúla.
Tá buntáistí teanga, siamsaíochta agus oideachasúla leis an tsraith seo, a chruthaigh comhlacht nuálach Jim Henson, mar go spreagann an t-ábhar suim na bpáistí agus a bhfiosracht faoin eolaíocht agus faoin dúlra mar aon lena gcumas teanga a fhorbairt.
An comhlacht aitheanta léiriúcháin Abú Media as Gaeltacht Chonamara a léiríonn an leagan Gaeilge do TG4 agus tá dhá shraith de ath-ghuthaithe acu go dtí seo, 135 clár ar fad. Tá taithí fhada fhairsing ag an gcomhlacht i réimse na teilifíse agus duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige. Ar na haisteoirí atá páirteach, tá Linda Bhreathnach, Cillian Ó Donnachadha, Marcus Lamb, Tara Breathnach, Ionia Ní Chróinín, Meadbh Ní Eidhin agus Ciabhán Ó Murchú.
Tá an DVD ar díol ar-líne ag siopa TG4 ag www.tg4.ie nó ins na siopaí. €15 an costas. Tá cluichí idirghníomhacha Gaeilge a bhaineann le Traein na nDineasár ar fáil (saor in aisce) freisin ar www.cula4.com
Ar na sraitheanna aitheanta eile Gaeilge ar TG4 a bhfuil leagan DVD eisithe roimhe seo agus ar fáil fós, tá Dora, Wonderpets agus Spongebob Squarepants.
Traein na nDineasár?
Tá sé mar gheall ar Iarnród Éireann mar sin