Dúshlán cúirte d’Acht 1737
I bpreas ráitéas a éisíodh ar maidin deir POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge, gur ‘teist litmis’ do Chomhaontú Chaisleán Chroimhghlinne atá sa dushlán cúirte, Dé Luain, maidir le feidhmiú Acht 1737 Riar na Córa a bheith i bhfeidhm ó thuaidh i rith an ama. Cuireann an tAcht cosc iomlán ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh.
Dúirt príomhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller, ‘Tá cosc ar an Ghaeilge sna cúirteanna ina eochaircheist go háirithe i gcomhthéacs an chomhaontaithe ar chumhachtaí poilíneachta agus cirt. Níl leithscéal ar bith chun an dlí leatromach seo a choinneáil. Léireoidh cinneadh na cúirte cá mhéad tábhachta atá le cothrom na Féinne do phobal na Gaeilge in aeráid polaitíochta an lae.’ D’ardaigh POBAL ceist an Achta 1737 leis an Sainchoiste ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh ag Comhairle na hEorpa nuair a bhuail an eagraíocht leis an choiste ar na mallaibh. Dúirt Janet Muller, ‘Cháin na saineolaithe an tAcht seo roimhe agus tá muid ag dúil le go mbeidh ráiteas uathu arís nuair a foilsítear a gcéad dtuairisc eile i mí Aibreáin.’
An bhliain seo caite, chaill Caomhín Mac Giolla Cathain, ceoltóir ó Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, chaill sé a chás leis an Acht a bhaint de na leabhair reachtaíochta. Cuireadh achomarc isteach. Tá tacaíocht idirnáisiúnta ann do na hiarractaí feabhas a chur ar chearta na nGael ón Brehon Law Society agus ón olleagraíocht Meiriceá, Irish American Conference. Chomh maith leis seo, an bhliain seo caite, d’éirigh le POBAL tacaíocht a fháil ó Graham Fraser, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla, Céanada d’ócáid phoiblí ar an chás. Thug príomhchoimisnéir Choimisiúin Um Cearta an Duine, Monica McWilliams, agus Mike Ritchie, Committee on the Administration of Justice tacaíocht don ócáid chomh maith.