Dúnmharú eile i mBaile Átha Cliath

Lá eile dúnmharú eile i mBaile Átha Cliath. Tá beirt á gceistiú ag na Gardaí i ndiaidh do ghunnadóirí fear 21 bliain d’aois a scaoileadh chun báis ag teach i gCluain Saileach thart faoi ceathar a chlog ar maidin. Measann na Gardaí nach bhfuil baint aige seo leis an imreas fuilteach atá ag dul idir drongadóirí sa chathair le tamall de bhlianta anuas.

Scríofa ag ar 16.02.2010 Rannóg nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24