Drochscéal de bharr ar dhrochscéal

Tá Éire i ndiaidh titim ar tábla a áiríonn chomh iomaíochtúil is atá geilleagair na cruinne. An Eilbhéis a bhí ag barr an tábla agus na Stáit Aontaithe sa dara áit. Tá Éire anois in áit 29, titim ó 25ú áit anuraidh. Rinneadh scrúdú ar 139 tír don taighde seo. Maidir leis an deadóigh , nó a mhalairt atá ar bancanna sa 139 tír seo, bhí Éire san áit deireanach, uimhir 139.

Scríofa ag ar 09.09.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Drochscéal de bharr ar dhrochscéal”

  1. séamus mac seáin

    dar leat go raibh 29 as 139 go measartha maith, i dtaca le holc, ag glacadh isteach san áireamh an smúid atá ar gach duine faoi gheilleagair na tíre.. San am chéanna caithfear rud eigin a dhéanamh faoi chostais. i mBaile Átha Cliath inné dhíol mé 28 Euro ar dhá phláta iasc agus sceallóga agus buidéal uisce. Déarfainn go bhfuil sé sin 50% níos daoire ná na sé chontae. Is beag cuairteoir a mheallfaidh costais mar sin le seal a chaitheamh sa Phoblacht.

  2. Fearn

    An Eilbhéis i mbarr an dreama?

    Dochreidthe!

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24