Doire, an Fleadh Ceoil agus na heasaontóirí

le hEoghan Ó Néill

 

le caoinchead Ghaelscéal www.gaelsceal.ie

 

Seachas cluiche ceannais na hiomána a bhogadh ó Pháirc an Chrocaigh go Doire níl aon rud is mó a neartódh Éireannachas agus Gaelachas na cathrach sin ná an Fleadh Ceoil a bheith i nDoire Cholm Chille in 2013.

Samhlaigh é. Na céadta mílte duine, óg is aosta, ag bonnadh suas anuas sráideanna na cathrach agus iad ag canadh is ag ceol is ag ceiliúradh an Éireannachais faoi mar atá a sinsir ag déanamh leis na céadta bliain.

Rinceoirí is ceoltóirí ina mílte agus na scórtha mílte daoine nár bhlais an ceol ná an rince Gaelach riamh ach a thiocfadh go mór faoina tionchar roimh imeacht abhaile dóibh.

Gaeilge le cloisteáil fud na háite – oiread fiú is go mbeadh ar an BBC Northern Ireland cúpla focal Gaeilge a theagasc do na craoltóirí is aineolaí teanga ar domhan.

Agus chuirfeadh an ceiliúradh sin ar Éireannachas Dhoire, chuirfeadh sé ó mhaith an lipéad sin ‘UK City of Culture.’

Sin m’fhís a chairde. Sin fís bunús againn.

Ach seachas sin, an tseachtain seo, tá dream beag áirithe ag ceiliúradh go bhfuil siad i ndiaidh Doire a shábháil ó ionradh seo na nGael.

Go bhfuil siad i ndiaidh bua a fháil ar Impireacht na Breataine.

‘Bua’ a fhágfaidh beáranna Dhoire folamh. A shéanfaidh jabanna ar na céadta duine. A chuirfidh leis an íomhá gur ‘UK City of Culture’ é Doire seachas mórchathair chultúrtha de chuid na hÉireann.

Níl áit ar bith níos fáiltí in Éirinn ná cathair Dhoire. Ina dreach is ina dhóigh is beag cathair níos Éireannaí ná níos Gaelaí.

Rud a bhí soiléir do na mílte síoraí a d’fhreastal ar an Oireachtas, ar Ard Fheis an Chonartha agus ar imeachtaí go leor eile den tsórt sa chathair le blianta beaga anuas.

Mar sin, is geall le peaca é ag dream ar bith an Fleadh a shéanadh ar an chathair seo a d’fhulaing oiread sin chun go n-aithneofaí a Éireannachas.

Le cuidiú Dé déanfar athmhachnamh.

Cá fios nach n-éiseoidh easaontóirí ráiteas ag dearbhú nach rún dóibh cur as don Fleadh agus go socróidh CCÉ go bhfuil Doire ar an áit is fearr chun an Fleadh a thionól ann in 2013.

Ach léirigh imeachtaí na seachtaine seo arís eile go mbíonn sé rófhurasta ag na meáin maíomh as a mhícheillí is atá easaontóirí, as a laghad tacaíochta is atá acu.

Tá sin fíor.

Ach is éigean plé leo agus lena n-argóintí.

Bhí mé ar an traein ag filleadh ó Bhaile Átha Cliath nuair a chuala mé an scéal seo ar dtús.

Roimh 1994 chreid Poblachtaigh go raibh buamáil an iarnróid a cheanglaíonn Béal Feirste agus Baile Átha Cliath le chéile, ar na bealaí chun Éire a aontú.

An t-am sin bhí Poblachtaigh maíte ar Éire a aontú leis an lámh láidir agus ba thanáisteach gach modh eile don ghunna agus don bhuama.

Mar sin ní iontas ar bith é go bhfuil dream áirithe, 20 bliain níos moille, ag dearbhú gurb é an bealach chun an tír a aontú ná an lámh láidir. Agus go bhfuil mianta lucht ceoil traidisiúnta tanáisteach do sin.

Ba mhaith le daoine creidiúint go bhfuil na heasaontóirí i ndiaidh teacht anuas ó Mars.

Nach bhfuil aon cheangal dá laghad ag a ndearcadh leis an stair fuilteach a bhí anseo le 90 bliain anuas.

Ach tagann easaontóirí Poblachtacha ón traidisiún náisiúnach sin a dhearbhaíonn nach ón bhosca balóide ach ón ghunna a thagann cumhacht. Agus go bhfuil an ceart ag aon Éireannach gunna a úsáid a fhad is go bhfuil saighdiúr nó péas Briotánach in Éirinn.

Má táthar chun dúshlán an dearcaidh sin a thabhairt caithfidh plé leis go fírinneach.

Ní mór meon na n-easaontóirí a aithint, éisteacht leo agus plé lena n-argóintí. Agus ar gach slí agus ar gach ócáid féacháil lena ndúshlán a thabhairt.

Maidir le cás Dhoire tá an cás simplí go maith.

Le píobaí Uilinn agus fliúiteanna, le bodhráin agus le fidileacha tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann i ndiaidh míle oiread níos mó a dhéanamh chun an tír seo a aontú agus a shaoradh ná mar a dhéanfaidh easaontóirí Poblachtacha lena mbuamaí píobáin is a maidhmeoirí is a raidhfilí go deo.

Dá mba rud é gur chaith na heasaontóirí is a dtacaithe a bhfuinneamh leis an cheol agus leis an spórt agus leis an teanga dúchais ba mhó i bhfad a dhéanfadh siad chun an tír a aontú agus a shaoradh ná mar atá siad ag déanamh agus iad ag bagairt ar a gcomhÉireannaigh.

Nó sa deireadh is maith mar a baisteadh easaontóirí orthu.

Easaontaíonn siad liomsa. Easaontaíonn siad leatsa. Easaontaíonn siad le mórchuid phobal na hÉireann. Easaontaíonn siad leis na heagrais dúchasacha is mó sa tír ón CLG go Conradh na Gaeilge.

Is dual don réabhlóidí modhanna a úsáid a chuirfeadh le misneach an phobail agus a bheadh éifeachtach.  Agus an modh míleata an modh is lú a bhainfidh na cuspóirí sin amach an lá inniu.

 

 

Scríofa ag ar 27.01.2012 Rannóg gné-ailt, náisiúnta, nuacht.

4 Nóta Tráchta ar “Doire, an Fleadh Ceoil agus na heasaontóirí”

  1. Séamus Mac Seáin B'Feirste

    aragh a Eoghain a chara
    An ceart an síleann tú scéimhlitheoireacht a chur i leith gach duine atá míshuaimhneach faoi Cathair Dhoire a bheith ainmnithe ina “Uk City of Culture”. Tá a fhios agam go bhfuil go leor ball de chuid CCÉ atá buartha go mb’ionann tacú le seo agus dlisteanas a thabhairt do ghabháil Shasana ar ar dtír. Cinnte fágadh an críochdheighlt le h-úacht againn agus ní fiú deor amháin folath shileadh le sin a cheartú ach ní h-ionann sin agus a rá go bhfuil se de fhiacha orainn séala na corónnach a bhualadh síos air gach uair is rogha le lucht gnó agus Polaitíochta é. An rud is mó atá ag tabhairt misnigh agus uchtaigh do lucht na laimhe láidre dar liom ná an comhthuiscint cómónta idir an da pháirtí Náisiúnach ó thuaidh go bhfuil an críochdheighilt inghlactha acu agus nach bhfuil guth láidir síochánta ann atá i gcoinne críochdheighlt na tíre . Is féidir gur mó an buille ar son na síochána atá buailte ag na baill den CCÉ a dhiúltaigh séala an dúchais a chuir ar an iarracht seo le Doire Colmcille a chomhshamhlú ina chathair Bhriotánach (comh Briotanáchh le Finchley?) na míle buama de chuid na na n-amadán a mhaíonn gur Phoblachtóirí ar nós Mairtin MacGuinness lá dá raibh.

  2. Calgach

    “…Doire a shábháil ó ionradh seo na nGael.”
    Suimiúil nach raibh an chathair i mbaoil ionraidh seo na nGael sula raibh tacaíocht mór ann ón “Ríocht Aontaithe”.
    Chuirfeadh sé i gcuimhne ort réimeas an Ridire Cathaoir Ó Dochartaigh ar an chathair le cead na ngall.
    Agus an port is déanaí ó McGuinness-go bhfuil muinéal orainne cur in éadán na hocáide seo mar gheall ar “two little letters”-mar a dúirt sé féin ar an raidió. Dia ár sabháil ní ró-fhada ó shin a bhí sé féin i mbun airm mar gheall ar an “two little letters” ceanann céanna!
    Meas tú anois an bhfillfidh McGuinness ar shlí a leasa mar a rinne Ó Dochartaigh agus éirigh amach in aghaidh na nGaill? Beag an baoil.
    A Eoghain tá sé ráite agat san alt-beáranna a choinneáil lán agus jabanna a chruthú atá i gceist le seo. Tá a lán daoine a mhothaíonn nach bhfuil a nGaelachas ar díol-na daoine is gníomhaí i gcúrsaí cultúir mar a tharlaíonn sé. Is cosúil gur lucht gnó agus lucht deontais is mó atá i bhfách leis.
    Tá mé féin i mo chónaí sa chathair agus níl mé a rá go ndéanfaidh mé boycott ar an fhleadh (téim chuige go minic cuma cén áit a mbíonn sé á reachtáil) ach beidh droch atmaisféar ann leis an lipéid gallda.
    Le bfhéidir dhá bhliain dhéag atá mise ag seinm agus ní raibh tacaíocht, nó fiú meas,FORLEATHAN ann don cheoil nó an teanga. Ní hionann sin is a rá nach bhfuil pobal láidir gaelach ann-Tá. Ach tá a lán daoine nach raibh meas acu ar an teanga&cultúr anois ag sodar i ndiaidh na n-uasal/ na mbriotánach ó chuala siad trácht ar an £40milliúin seo!
    Ní fíor a rá gur na heasaontóirí amháin atá mí-shuaimhneach faoi seo-déanta na fírinne ní léir an bhfuil na heasaontóirí ar son nó in éadán an fhleadh bheith i nDoire mar ní bhfacathas ráiteas dá gcuid ar an ábhar. (Más rud é gur éisigh siad ráiteas ceartaigh mo mheancóg). Bheinn cúrámach faoi na meáin Briotánacha

  3. Séamus Mac Seáin B'Feirste

    nach iontach go deo leas phríomh-Áire McGuinness a bheith ag caitheamh anuas ar bheadaiocht na ndaoine atá buartha faoin dá litir U.K agus é agus a chomhleachaithe ag diúltú “Northern Ireland” a bhaisteadh ar an stáitín ó thuaidh ach go gcloíonn siad go docht le “North of Ireland”. Ní beadaíocht go dtí é. Dar ndóigh is fada sinn cleachtaithe le SF a bheith ag caint as dhá thaobh a mbéal ag an am amháin. Féadann an dubh a bheith ina gheal i gcónaí ag lucht inste na mbéag. Mar an deir an sean amhrán as tír Chonaill “is cuma le lucht na mbréag ach an mhéid úd is mian leo a rá”

  4. Ciarán

    Ta guthanna láidre ann in éadan na críochdheighilte agus in éadan na láimhe láidre, a Shéamais, samhail Bernadette McAliskey agus Tommy McKearney, ach ní thugtar mórán airde orthu ar an drochuair. Faraor tá i bhfad Éireann níos mó ‘easaontóirí’ in éadan an fhoréigin anois ná atá ar a shon, ach is fusa i bhfad iad go léir a chaitheamh le chéile mar dhrong de mad bombers ná déileáil le polaitíocht agus seasaimh éagsúla s’acu.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24