Dirty 9′s, Bréag is Tura Aurtura ag an Chabaret Craiceáilte

Nuachtlitir chraiceáilte – BRÉaG/DIRTY 9’S & TURA AG TEACHT:

skABARET CRAICEAILTE TIGH HIUDAI, AN BUN BEAG, DE SATHAIRN SEO 9.30:

BRÉAG – An grúpa reggae/ska is fearr in Éirinn.

DIRTY 9’S : Ceann dena grúpaí rac cheoil is fearr sa tír.

TURA ARU TURA: an ceoltóir/damhsóir hip hop/Aifriceach/ Sean Nóis, ón tSiombáib.

AGUS Aoí Cheoltóirí eile, Tigh Hiúdaí, De Sathairn seo 9.30pm

Bréag : Tá nasc láidir ag Bréag leis an ghluaiseacht Chraiceáilte, agus sheinn siad ag Féilte Craiceáilte agus imeachtaí eile, ón bhliain 1993. Seineann siad ceol mealltach reggae agus Ska le casadh Ghaelach curtha leis, agus tá lucht leanúna iontach dílis acu.

Dirty 9’s , grúpa a bhfuil cuid mhór ceolchoirmeacha déanta acu mar chuid den Chabaret Craiceáilte ag Electric Picnic, Féile Naomh Pádraig agus IMRAM i mBaile Átha Cliath. Ta cuid mhór cainte orthu le cúpla bliain anuas, go háirithe ón uair gur bhain siad an chraobh ceannais de chogadh na mbannaí Deis Rac sa bhliain 2008.

Tura Aru Tura: Tá aithne leitheadach ar Tura anois, ón uair gur ghlac se pairt i gcomórtas sean nóis an Oireachtais, ach tá sean aithne ag cairde An Chabaret Craiceáilte air mar go bhfuil sé ag cuir síamsaíocht ar fáil dóibh le 3 blíana anuas.

Beidh Bréag , na Dirty 9’s, Rís, Tura Aru Tura agus go leor ceoltóirí/síamsóirí eile páirteach sa Chamchuairt Craiceáilte, nuair a bhéas An Chabaret ar siúl in An Poc Fada, Baile Mhuineacháin, De Sathairn 10ú Márta, i mBeár na hOllscoile De Máirt 13 Márta, agus Dame Lane i mBaile Átha Cliath De hAoine 16 Márta.

Ach beidh an chamchuairt ag toiseacht sa bhaile, Tigh Hiúdaí, An Bun Beag, De Sathairn seo 9.30pm

 

Scríofa ag ar 21.02.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24