Ciorclaíocht na nuachtán tite as an úr
Léiríonn figiúirí ón Audit Bureau of Circulation go bhfuil ciorclaíocht nuachtáin don chéad sé mhí de 2011 níos ísle ná mar a bhí don chéad sé mhí de 2010. De réir na bhfigiúirí seo tá ciorclaíocht an Independent tite 5.3%, cé go bhfuil sé go fóill i bhfad chun cinn ar nuachtáin laethúla eile agus ciorclaíocht 131,161 eagrán sa lá ar an mheán acu. Thit ciorclaíocht an Irish Times 6.2% go 96,150. Agus thit an Irish Examiner 8.5% go 42,083.
Sa mhargadh Domhnaigh tá an Sunday World ar an aon nuachtán amháin nár thit a ciorclaíocht . Tá ciorclaíocht de 251,455, an líon céanna, nach mór, is a bhí air bliain roimhe sin. Tá ciorclaíocht an Sunday Independent ag 250,641, titim 1.4%. Agus thit an Sunday Business Post 2.6% go 44,529.
Bhí titim 4.6% ar an Evening Herald go 62,411, agus thit an Cork Evening Echo 12.5% go 18,632.
Scéal ar bith faoi ‘Gaelscéal’?