Deontas £200,000 do Sgoil Ghàidhlig Ghlaschu

Tá rialtas Alban ag cur ar fáil deontas ar leith de luach £200,000 chun campas den scoil Gaidhlige i nGlaschú,  Sgoil Ghàidhlig Ghlaschu.Tá an scoil ar an fhód ó 1996 agus borradh mór faoi ó shin. I láthair na huaire tá 600 dalta ag an scoil (dá oiread an líon a samhlaíodh nuair a tógadh é) agus tá dréim le 75 dalta ar an chéad téarma eile. Is é an t-aon scoil lánGaidhlige taobh amuigh den Ghaeltacht. Dar leis an Dr Alasdair Alla, Aire na Gaidhlige, go bhfuil an rialtas thar a bheith sásta cuidiú leis seo nó tá borradh mór faoin teanga na saolta seo. 

 

 

Scríofa ag ar 16.03.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Deontas £200,000 do Sgoil Ghàidhlig Ghlaschu”

  1. doireabú

    Comhghairdeas leo, gura fada buan an borradh.

  2. Cad a cheapann daoine den Clár nua Rialtais ag an bhFeidhmeannas ó thuaidh do 2011-15? Níl aon choimitimint ann olc nó maith i leith na Gaeilge?
    http://igaeilge.ie/2012/03/20/spin-fein-teip-eile-aris-on-bpairti-i-leith-na-gaeilge/

Tabhair Freagra

© Nuacht24