Deireadh le pointí bónais as Gaeilge – fíorscanradh na Samhna

iomha A

Cén fáth go bhfoghlaimeodh aon stát seirbhíseach an Ghaeilge a thuilleadh?
Céim ar chúl eile ón Rialtas seo don seirbhís Ghaeilge do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta

D’fhógair an Rialtas inniu, Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair, go mbeidh deireadh curtha leis an scéim marcanna bónais in earcaíocht agus ardú céime sa stát seirbhís. In ionad a aithint go bhfuil fadhbanna leis an gcóras marcanna bónais agus tabhairt faoin gcóras a fhorbairt nó córas sásúil a chur ina áit, tá cuma ar an scéal go bhfuil an Rialtas chun deireadh a chur leis ina iomlán. Tá an córas nua fógartha le cur ina áit, go mbeidh 6% den phainéal earcaíochta sa stát seirbhís amach anseo d’fhostaithe nua le Gaeilge, an-íseal ar fad. Dar ndóigh, beidh an painéal sin le roinnt ar 16 roinn rialtais agus ciallaíonn sin gur beag seans ann go mbeidh aon mhéadú suntasach in aon Roinn go luath do dhaoine inniúil sa Ghaeilge.

Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Is buile eile do phobal na Gaeltachta agus Gaeilge é an cinneadh glactha ag an Rialtas inniu chun deireadh a chur le marcanna bónais gan córas sásúil a chur ina áit. Ní leor an socrú nua go mbeidh 6% de phainéal an stát seirbhíse ar fáil d’fhostaithe nua le Gaeilge. In ionad a bheith uaillmhianach, cróga agus an rud ceart a dhéanamh tá an Rialtas chun an tseirbhís Ghaeilge ón Stát do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta a lagú níos mó. Conas  gur féidir a rá go bhfuil seo ag teacht le Straitéis an Rialtais don Ghaeilge 2010-30”.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Níl aon amhras faoi ach go bhfuil praiseach déanta ag gach Rialtas ó na 70í ar aghaidh leis an nGaeilge a spreagadh sa stát seirbhís agus seirbhís ar ardchaighdeán Gaeilge a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Is trua nach raibh an Rialtas seo sásta athcothomrú ceart a dhéanamh agus céatadán de 30% ar a  laghad a roghnú don phainéal d’fhostaithe le Gaeilge agus spreagadh ceart  a chur ar fáil go hinmheánach le hardú céime a nascadh le hinniúlacht sa Ghaeilge.”


Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas an céatadán de 6% a ardú go 30% ar feadh tréimhse 5-10 mbliana (ag braith ar an líon earcaíochta déanta) chun a chinntiú go mbeidh fíorfhorbairt sa líon daoine gur féidir leo seirbhís a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Chomh maith leis sin, is gá córas a chur in áit na marcanna bónais le státseirbhísigh fostaithe cheana féin a mhealladh le cur ar a gcumas seirbhís as Gaeilge a chur ar fáil.

Scríofa ag ar 30.10.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

5 Nóta Tráchta ar “Deireadh le pointí bónais as Gaeilge – fíorscanradh na Samhna”

  1. Fearn

    Aon seans go spreagfadh an beart seo agóidí sráide ó Státsheirbhísigh agus a daoine a bhíos ag plé leo?

  2. Gearóid de Grás

    Agóidí sráide ó Státsheirbhísigh !!! :) :) :)

    Nuair a dhíol ‘Rialtas’ na ‘Poblachta’ a chuid saoránach le baincéirí Shasana agus na Gearmaine, láithreach bonn, d’aontaigh na Státsheirbhísigh shinsearacha conradh leis an ‘Rialtas’ chun a gcuid coinníollacha oibre agus pinsin a chosaint mar bhí a fhios acu cad a bhí le teacht don ghnáthshaoránach gan chosaint. B’fhéidir nuair a thuigeann na Státseirbhísigh ag bun an dréimire gur dioladh iadsan freisin go dtiocfaidh cuid acu amach ar na sráideanna. Ach tá amhras orm mar ní bheadh siad ina Státsheirbhísigh ar an gcéad dul síos gan meon géillte na humhlaíochta don chóras a bheith aitheanta agus forbartha iontu.

    Ach Státseirbhísigh ar na sráideanna mar gheall ar an nGaeilge? Ní tharlóidh sé sin go deo na ndeor!

    Baineann an t-alt breá seo ó Dhonncha Ó hÉallaithe le hábhar anseo ar ndóigh:
    http://www.beo.ie/alt-ceard-ta-le-ceiliuradh-againn-treas-an-stait.aspx

  3. Fearn

    Ach roimhe sin, “dhíol” pobal na hÉireann a bhflaitheas leis na poiliteoiríní.

    Is ionadh dom riamh nach glacann pobal na hÉireann freagracht as a gcuireann siad i gcumhacht.

    Cad mar gheall ar lucht labhartha na Gaeilge leis an Stát, an mbeish siadsan ar an sráideanna nó an bhfuil sé ró-fhliuch, ró-fhuar, ró-dhorcha anois?

  4. Gearóid de Grás

    Tuigim cad atá a rá agat, a Fheairn, maidir leis na vótóirí. An fhadhb mar afheicimse é bach bhfuil rogha ann!

    Ó dheas tá FF agus FG le lucht tacaíochta dílis a chreideann go bhfuair nó go bhfaighidh siad cárta leighis nó cead pleanála nó soilse ar an mbóthar lasmuigh den teach mar thoradh ar a ndílseacht. Creidim féin ón dtaithí atá agam orthu go bhfuil cnámh droma Shinn Féin níos solúbtha ná cnámh droma Pháirtí an Lucht Oibre – agus tá afhios ag an saol fúthu siúd.

    Ó thuaidh tá an dá pháirtí Rialtais, fíorshásta leis an status quo de réir dealraimh. Cad atá fágtha? SDLP agus na páirtithe eile Aontachta.

    Rogha an dá dhíogha ó thuaidh agus ó dheas mar a fheicimse cúrsaí. B’fhéidir dá dtiocfadh forbairt ar Éirigí nó ar pháirtí Joe Higgins nó ar pháirtí beag eile go mbeadh páirtí ann le dearcadh nua. Ach níl an chuma ar an scéal go dtarlóidh sé sin róluath – níl de chumas acu roghnaitheoirí a chur chun cinn go forleathan timpeall na tíre.

    Ní chuirfinn an locht ar na vótóirí – ach amháin nár scrios siad a gcártaí vótála mar agóid!

  5. Fearn

    @ Tuigim cad atá a rá agat, a Fheairn, maidir leis na vótóirí. An fhadhb mar afheicimse é bach bhfuil rogha ann!

    Sin an buille. Ní ann do dhaonlathas muna baintear earraíocht as. Is ionann daonlathas agus rogha a bheith agat, nó mar a a deir an nath: do bhreith agus do dhá rogha agat

Tabhair Freagra

© Nuacht24