Deascéal is drochscéal d’Aer Lingus

Tháinig méadú ar chailliúintí Aer Lingus anuraidh. Ach bhí ábhar dóchais ann don aerlíne nó rinne siad brabach sa dara cuid den bhliain. Ar an iomlán chaill Aer Lingus €81m sa bhliain 2009 i gcomparáid le cailliúintí ar luach €20m in 2008. Ach rinne siad brabach €21m sa dara cuid den bhliain, rud a chuirfidh lena ndóchas go bhfuil cúrsaí ag bisiú. Mhéadaigh líon na bpaisinéirí go 10.4m in 2009, ardú 3.8% ar an líon a iompraíodh ar a chuid eitleáin in 2008.

Posted by nuacht24 on 09.03.2010 Filed under nuacht. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24