‘Czar’ pá ceaptha ag Obama

obama-usa-crestTá rialtas na Stát Aontaithe ag díriú ar thuarastail na maithe móra agus na saoistí agus tá ‘czar’ ceaptha ag Barack Obama chun na tuarastail sin a shrianú.

Dar le hUachtarán SAM go bhfuil leasú de dhíth go géar ar an earnáil airgeadais agus gur bealach amháin é seo chun na leasuithe áirithe a chur i bhfeidhm.

Agus anseo in Éirinn, deir IBEC go bhfuilimid ag íoc barraíocht le hoibrithe.

Dúirt Breandan McGinty ó IBEC gur ghá breathnú ar chóras an Chomhchoiste Oibreachais (Joint Labour Committee) atá ag ‘brú’ ar fhostóirí arduithe pá a íoc fiú mura mbeadh sé ar chumas na bhfostóirí iad a mhaoiniú. Tá sé ag iarraidh go mbeadh athmheas ar fad ar an chóras.

“Níl an córas solúbtha go leor chun jabanna agus fiontraíocht a chosaint in am seo an ghátair,” ar seisean.

Ach mar aon le díriú ar thuarastail oibrithe, tá an rialtas ag breathnú ar phá na bhfeidhmeannach agus na mboc mór.

Dúirt foinse rialtais le Nuacht24 go raibh an rialtas ag machnamh ar aithris a dhéanamh ar rialtas Barack Obama agus ‘Czar’ a cheapadh chun súil a choinneáil ar thuarastal saoistí agus maithe móra. Beidh tuarastal polaiteoirí san áireamh ann.

Cheap Barack Obama Kenneth Feinberg, fear a bhí i gceannas ar shocrú ceisteanna cúitimh do ghaolta na ndaoine a maraíodh ar 9/11, an tseachtain seo, agus beidh sé ag dul i mbun an phoist gan mhoill.

Deir foinsí rialtais anseo go bhfuil an rialtas, le tamall anuas, ag breathnú ar bhealach chun srian a choinneáil ar thuarastail agus go bhfuil macasamhail ‘czar’ Mheiriceá ar na féidearthachtaí atá á meas acu. Ní dhéanfar cinneadh, áfach, go dtí an fómhar dar leo.

Idir an dá linn, beidh an rialtas ag déanamh réidh ciorruithe a laghdódh pá go leor den fhórsa oibre.

Posted by nuacht24 on 16.06.2009 Filed under nuacht. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24