Cuma air gur easaontóirí a mharaigh fear i nDoire
Tá tuairimíocht ann go raibh ceangal éigin ag easaontóirí Poblachtacha le marú fir i nDoire. Fuarthas corp an fhir ar maidin taobh thiar d’ionad Críostaíochta ar bhóthar Leitir Ceannain. Scaoileadh sa chloigeann é deirtear agus bhí a lámha ceangailte le chéile.Seachas a fh0-éadaí bhí an fear lom nocht. Cháin polaiteoirí na háite an marú.