Cuirfiú le cur i bhfeidhm i mbailte na hÉigipte

Tá cuirfiú le bheith i bhfeidhm i ndeich cúige de chuid na hÉigipte ó 7.00in go 6.00 rn. Is iarracht é seo ag na húdaráis chun baint de na caismirtí is léirsithe atá ag dul ar aghaidh i rith an ama i gCaireo agus i mbailte fud na tíre. Tá na húdaráis ag admháil anois gur maraíodh 100 duine ar a laghad i bhforneart na maidine agus gur gortaíodh corradh is 600 duine. Mharaigh lucht tacaíochta Morsi ceathrar péas in ionsaí ar bheairic i gCaireo tráthnóna dar leis na húdaráis.  Cháin Ard Rúnaí na Náisiúin Aontaithe Ban Ki Moon, úsáid phéas armtha i gcoinne na mílte léirsitheoir. Tá páistí agus mná orthu sin a maraíodh san ionsaí a rinne na péas agus saighdiúirí leo ar an dá chearnóg i gCaireo mar a raibh campa lucht tacaíochta Morsi i mbun agóide le 7 seachtain anuas. Dar leis an Teach Bán go gcáineann siad úsáid fornirt agus molann bealach síochánta chun cúrsaí a reiteach. Chuimhnigh siad do na húdaráis go bhfuil súile an domhain dírithe orthu. Dar le hurlabhraí an Tí Bháin go bhfuil siad i rith an ama i mbun athbhreithniú ar an tacaíocht £1 billiún a thugann siad don Éigipt, d’arm na hÉigipte go háirithe.

Scríofa ag ar 14.08.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

4 Nóta Tráchta ar “Cuirfiú le cur i bhfeidhm i mbailte na hÉigipte”

  1. Fearn

    Tuige a bhfuil an Éigipt ag dul sa cheann duit? Cé mhéad scéalta é sin mar gheall air anois?

  2. Cuairteoir

    Tá na céadta maraithe ann Fearn, is é an scéal is mó é ar gach meán ar domhain… An tír bhocht, daoine bochta.

  3. Pól Réamainn

    Is é an fógra báis don Earraigh Arabacha.

  4. Fearn

    @Tá na céadta maraithe ann Fearn, is é an scéal is mó é ar gach meán ar domhain… An tír bhocht, daoine bochta.

    Go maidin inniu, bhí naoi scéal mar gheall ar an Éigipt as 13 scéal sa roinn idirnáisiúnta anseo ó 1 lúnasa.

    Cad d’imigh ar an tSír, mar shampla, agus na mílte slad ansin? Arbh fhiú scéal dófa?

Tabhair Freagra

© Nuacht24