Cuir deireadh le fiosrú eachtraí na dTrioblóidí

Deir an tArd Aighne ó thuaidh, John Larkin, go mba cheart deireadh a chur le fiosrú eachtraí a tharla roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta.  Mar aon le bheith ag cur deireadh lena macasamhail ba cheart teacht ar bhealach chun go gcuirfí doiciméid stáit agus eolas atá faoi cheilt i láthair na huaire a chur ar fáil do ghaolta, do stairithe, d’iriseoirí agus do lucht taighde.

Chuir Matt Baggott, Ard Chonstábla an PSNI, fáilte roimh an ráiteas. Tá sé ag teacht ar a lán bealaí leis an tuairim a nocht Matt Baggott roimhe seo nuair a mhaígh sé go bhfuil an costas a bhaineann le fiosrú eachtraí na Trioblóidí ag cur brú millteanach ar bhuiséad an PSNI.

Chuir an SDLP, Amnesty International, Coimisiún Cearta Daonna an Tuaiscirt, an iarOmbudsman péas ó thuaidh, Nuala O’Loan, Jim Allister, an Tanáiste Eamonn Gilmore, agus go leor eile a míshásamh, mór nó beag, in iúl faoin mholadh. Mhaígh an DUP go mba ionann é agus pardún a bheith ann do ‘lucht sceimhle’ agus go mbeadh siad i gcoinne a macasamhail. Agus mhaígh Sinn Féin go bhfuil pardún ann cheana féin ag na daoine sin in arm na Breataine, san SAS, RUC srl a mharaigh daoine le linn na dtrioblóidí. Mhaígh siad arís eile go mba cheart go mbeadh próiseas idirnáisiúnta athshlánú na staire ann agus gur cheart don dá rialtas a macasamhail a eascú.

Scríofa ag ar 20.11.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Cuir deireadh le fiosrú eachtraí na dTrioblóidí”

  1. Séamus Macseáin Béal Feirste

    Sílim féin go bhfuil chuid mhór den cheart aige. An taon leigheas atá ar eachtra ar bith coscarthach i do shaol ná feacháil lena chur taobh thiar díot ( rud nach bhfuil éascaí) agus bogadh ar aghaidh. Tá doiligh sin a dhéanamh má bhíonn síor phiocadh ar an chneá . Bheadh sé suimiúl fosta a fháil amach cá mhéad duine a labhraíonn na ” grúpaí íospairteach” ar a son go fírinneach. Tá na mílte íospairteach inar sochaí de bharr na coimhlinte ach is beag a chluineann muid uathu féin ach cluintear go leor ó pholaiteoirí agus ó chorr grúpa íospairteach a bhfuil a gcuid airgid ag brath ar cás na iospairteach a dhéanamh.

  2. Fearn

    Tagaim leat go pointe, a Shéamuis. Is ceart “tabhairt isteach” don eachtra coscartha cionn is nach bhfuil an dara suí sa bhuaile , i ndeireadh na fríde, ag daoine. Sé sin, an tocht a ligint díot agus reachtáil más cuí. Ní cheart é a “bhrú fút” ná neamhshuim a dhéanamh de ionann is nach raibh bua mór agie ar do shaol go deo.

    Sílim go ndearna an Coimisiún Um Síochána agus Athmhuintearais san Afraic Theas iarracht air sin. Tugadh pardún do gníomhaithe an fhoréigin ar chuntar go raibh siad toilteanach a rá ós ard i bhfianaise na n-íospartach cad a rinne siad agus a bhí toilteanach éisteacht leo le croí is le aigne.
    Níl mé cinnte cé chomh rathúil is abhí an proiseas seo.

    Ach bheadh ceachtanna le foghlaim ón seanIúgsláibh fosta.

    is dona liom go bhfuil an boac seo ag labhairt ar bhonn chostas Stáit amháin.

    Ach b’fhéidir ag ban an angar nach bhfuil leighis ar an gcráiteacht ach céirín ar éigin!

Tabhair Freagra

© Nuacht24