Cúigear marbh i ndiaidh pléascáin i gConnecticut
Maraíodh cúigear ar a laghad agus gortaíodh roinnt scórtha duine eile nuair a tharla pléascán i stáisiún gáis i gConnecticut inniu. Bhí dlaoi mullaigh á chur ar an stáisiún, nár osclaíodh go fóill, nuair a tharla an pléascán. Dar le Roinn Homeland Security Mheiriceá nach ionsaí sceimhle a bhí ann. Níor léir cad a ba chúis leis an taisme ach dar leis an phéas gur tubaiste ceart an t-eachtra a tharla cóngarach do bhaile Middletown.